20210421_IRISH_gaireas_pleascach_fagtha_ag_teach_poilin_i_gco_dhoire



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yjbeh294

Explosive device left at police house in Co Derry.

Gaireas pléascach fágtha ag teach póilín i gCo Dhoire.

An explosive device was found at a police house in Co Derry last night.

Fuarthas gaireas pléascach ag teach póilín i gCo Dhoire aréir.

The booby-trapped bomb is believed to have been left by republican dissidents at the woman’s house near Dungiven.

Ceaptar gur easaontóirí poblachtánacha a d’fhág an buama bobghaiste ag teach na mná in aice le Dún Geimhin.

British Army experts have since detonated the bomb and police are examining the scene and the surrounding area.

Tá an dochar bainte as an mbuama ag saineolaithe Arm na Breataine ó shin agus tá an láthair agus an ceantar máguaird á scrúdú ag na póilíní.

Northern First Minister Arlene Foster spoke this morning to police with a young child.

Labhair Céad-Aire an Tuaiscirt Arlene Foster ar maidin leis an bpóilín a bhfuil leanbh óg aici.

The First Minister criticized those who tried to injure the police, saying it was “a dangerous and useless move.”

Cháin an Chéad-Aire an dream a rinne iarracht díobháil a dhéanamh don phóilín á rá gur “beart contúirteach agus neamhfhónta a bhí ann.”

Deputy First Minister Michelle O’Neill said the move was ugly.

Dúirt an an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill gur ghránna an beart é.

She claimed that those responsible for “failing to implement their backward and poisonous agenda would not succeed.”

Mhaígh sí nach n-éireodh leis an dream a bhí freagrach as “a gclár oibre cúlaitheach agus nimhiúil a chur i bhfeidhm.”

She called on politicians from all parties to come together and oppose “such dangerous acts.”

D’iarr sí ar pholaiteoirí ó gach aon pháirtí teacht le chéile agus cur in aghaidh “gníomhartha contúirteacha den sórt seo.”

Police have not provided any information on the nature of the trap.

Níl aon eolas tugtha ag na póilíní faoi chineál an bhobghaiste a bhí ann.

It is reported that the bomb may have been left under the police car or may have been in a bag left on the doorstep.

Tuairiscítear go mb’fhéidir gur fágadh an buama faoi ghluaisteán an phóilín nó go mb’fhéidir go raibh sé i mála a fágadh ar leac an dorais.

Leave a Reply