20210422_IRISH_imni_ar_ghardai_faoi_chailin_14_bliain_ata_ar_iarraidh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yzmyqhz6

Gardaí worried about missing 14-year-old girl.

Imní ar Ghardaí faoi chailín 14 bliain atá ar iarraidh.

Gardaí are urging the public to help find a fourteen year old girl who is missing from her home in Co Louth.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar an bpobal cuidiú leo teacht ar chailín ceithre bliana déag atá ar iarraidh óna teach cónaithe i gCo Lú.

Gardaí have issued an official child rescue alert for Svetlana Murphy who left the house in Blackrock at around 4pm last Monday evening.

Tá foláireamh oifigiúil tarrthála linbh eisithe ag na Gardaí i leith Svetlana Murphy a d’fhág an teach sna Creagacha Dubha ag thart ar 4 a chlog tráthnóna Dé Luain seo caite.

Svetlana’s father called the Gardaí.

Is é athair Svetlana a chuir fios ar na Gardaí.

Gardaí say they believe Svetlana is in the company of Nojus Maculevicius, an eighteen-year-old teenager, and are concerned that she may be in danger.

Deir na Gardaí go gcreideann siad go bhfuil Svetlana i gcuideachta Nojus Maculevicius, ógánach ocht mbliana déag, agus tá imní orthu go bhféadfadh sí a bheith i mbaol.

Nojus Maculevicius The pair appear to be traveling in a silver-colored Hyundai Veloster car.

Nojus Maculevicius Is cosúil go bhfuil an bheirt ag taisteal i ngluaisteán den déanamh Hyundai Veloster ar dhath an airgid.

They were spotted in Newry, Co Down, at 7pm on Monday and again at 5.35pm yesterday in the Belfast area.

Chonacthas iad san Iúr, Co an Dúin, ag 7 a chlog tráthnóna Dé Luain agus arís ag 5.35 tráthnóna inné i gceantar Bhéal Feirste.

Superintendent Liam Geraghty said the two were most likely still in Ireland and indicated that the Gardaí were working with Northern police to find them.

Dúirt an Ceannfort Liam Geraghty gur dóichí go bhfuil an bheirt fós in Éirinn agus thug sé le fios go bhfuil na Gardaí ag obair i gcomhar le póilíní an Tuaiscirt féachaint le teacht orthu.

Leave a Reply