20210420_IRISH_lion_is_isle_othar_in_aonaid_dianchuraim_o_thus_na_bliana



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ydukuzl8

Lowest number of patients in intensive care units since the beginning of the year.

Líon is ísle othar in aonaid dianchúraim ó thus na bliana.

46 Covid-19 patients are in intensive care units at various hospitals this morning, according to the latest figures from the Health Service Executive.

46 othar covid 19 atá in aonaid dianchúraim in ospidéil éagsúla ar maidin, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

This is the lowest number since the beginning of the year and is a 79% decrease from the 221 Covid-19 patients in intensive care units at the end of January.

Seo an líon is ísle ó thús na bliana agus is laghdú 79 faoin gcéad é ón 221 othar covid 19 a bhí in aonaid dianchúraim ag deireadh Eanáir.

The figures have not been as low as of December 31, when 42 Covid-19 patients were in intensive care units.

Ní raibh na figiúirí chomh híseal seo ón 31 Nollaig, tráth a bhí 42 othar covid 19 in aonaid dianchúraim.

A total of 179 Covid-19 patients are hospitalized this morning.

179 othar covid 19 ar fad atá in ospidéil ar maidin.

This is the lowest number since September 10 last year.

Seo an líon is ísle ón 10 Meán Fómhair anuraidh.

Vaccination against Covid-19 by people aged 65 to 69 will begin today.

Cuirfear tús inniu le daoine idir 65 agus 69 bliain d’aois a vacsaíniú in aghaidh covid 19.

Many registered on the Health Service Executive ‘s online special page over the weekend.

Chláraigh go leor acu ar leathanach speisialta ar líne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

It is estimated that over 100,000 people have registered online for the vaccine to date.

Áirítear os cionn 100,000 duine a bheith cláraithe ar líne don vacsaín go dtí seo.

People who register online are being vaccinated at special vaccination centers rather than GP surgeries.

Is in ionaid speisialta vacsaínithe seachas in ionaid dochtúirí teaghlaigh atáthar ag tabhairt na vacsaíne do dhaoine a chláraíonn ar líne.

Leave a Reply