20210306_IRISH_na_gardai_ag_fiosru_bhas_fir_i_lusca



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ybby3v9z

Gardaí investigating the death of a man in Lusk.

Na Gardaí ag fiosrú bhás fir i Lusca.

Gardaí have launched an inquiry into the death of a man in Lusk in County Dublin.

Tá fiosrúchán curtha ar bun ag na Gardaí maidir le bás fir i Lusca i gContae Bhaile Átha Cliath.

The body of the man – who was in his fifties and a native of Poland – was found in a coiled room in a house near Ballinvale on the town on Wednesday.

Aimsíodh corp an fhir – a bhí sna caogaidí agus gurbh as an bPolainn ó dhúchas dó – i seomra coladtha i dtigh gar go Bhaile an Bhealaigh ar an mbaile Dé Céadaoin.

His body has undergone a post-mortem examination and the house where he was found has been preserved by the Gardaí undergoing technical examinations.

Rinneadh scrúdú iarbháis ar a chorp agus tá an tigh inar aimsíodh é caomhnaithe ag na Gardaí agus scrúdaithe teicniúla á ndéanamh air.

The Gardaí have not released the results of the post-mortem examination for operational reasons.

Níl torthaí an scrúdaithe iarbháis scaoilte ag na Gardaí ar chúiseanna oibríochtúla.

The man was seen alive for the last time on Monday night and Gardaí say they do not see the circumstances in which he died.

Chonacthas an fear ina bheatha don uair dheireanach oíche Dé Luain agus deir na Gardaí nach léir dóibh na cúinsí ina bhfuair sé bás.

Gardaí in Balbriggan are speaking to witnesses and are asking anyone with any information to contact them at the station there.

Tá na Gardaí i mBaile Brigín ag labhairt le finnéithe agus tá siad ag iarraidh ar aon duine a bhfuil aon eolas acu teagmháil a dhéanamh leo ag an stáisiún ansin.

Leave a Reply