Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:43 — 874.8KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/ycjbqlwr
Four men arrested for shooting in the Blue Skull in Dublin.
Ceathrar fear gafa faoin lámhach sa Chloigeann Gorm i mBÁC.
Four men have been arrested in connection with the shooting incident in Dublin yesterday.
Tá ceathrar fear gafa maidir leis an eachtra lámhaigh a tharla i mBaile Átha Cliath inné.
The man and woman shot in the Blue Skull in the south of the city are in critical condition in hospital.
Tá droch-bhail san ospidéal ar an bhfear agus bean a lámhachadh sa Chloigeann Gorm i ndeisceart na cathrach.
Two men in their twenties and two other men in their thirties are involved.
Beirt fhear sna fichidí agus beirt fhear eile sna tríochaidí atá i gceist.
They are being held under Section 30 of the Offenses Against the State Act at various gardaí stations in Dublin.
Tá siad á gcoinneáil faoi Alt 30 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit i stáisiúin gardaí éagsúla i mBaile Átha Cliath.
They can be questioned for 3 days.
Is féidir iad a cheistiú ar feadh 3 lá.
Guards think the shooting may have been linked to format among Republican dissidents.
Ceapann gardaí go mba fhéidir go bhfuil baint ag an lámhach le formad i measc easaontóirí Phoblachtacha.