20210305_IRISH_deireadh_le_comaoineach_tar_eis_aifreann_an_domhnaigh_i_mbac



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ybpwklmh

End of Communion after Sunday Mass in Dublin.

Deireadh le Comaoineach tar éis Aifreann an Domhnaigh i mBÁC.

The Archdiocese of Dublin has advised parishes and priests not to bring Communion to parishioners after Sunday Mass.

Tá comhairle curtha ag Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath ar pharóistí agus ar shagairtí gan Comaoineach a thabhairt go lucht na bparóistí tar éis aifreann an Domhnaigh.

It should not be done inside, or outside, the churches, the Archdiocese says.

Ní chóir é a dhéanamh taobh istigh, ná taobh amuigh, de na séipéil, a deir an Ard-Deoise.

This advice follows a decision by a parish in west Dublin to stop giving Communion to the people of the parish every Sunday.

Tagann an chomhairle seo sna sála ar chinneadh paróiste in iarthar Bhaile Átha Cliath stop a chur le Comaoineach a thabhairt do mhuintir an pharóiste gach Domhnach.

They made the decision on the advice of the Gardaí.

Rinne siad an cinneadh ar chomhairle na nGardaí.

“Under the restrictions currently in place”, the Archdiocese wrote in a statement today, “religious ceremonies are happening online.

“Faoi na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair”, a scríobh an Ard- Deoise i ráiteas inniu, “tá searmanais reiligiúnacha ag tarlú ar líne.

For health and safety reasons, therefore, priests should not give Communion to the public, inside or outside “.

Ar chúiseanna sláinte agus sabháilteachta, mar sin, níor chóir do shagairt Comaoineamh a thabhairt don phobal, taobh istigh ná taobh amuigh”.

Father Binoy Mathew of Mountview and Blaketown Parish in Dublin 15 said that since November, parishioners have been watching mass online, and then coming to church in Huntstown afterwards. to take Communion.

Dúirt an tAthair Binoy Mathew ó Pharóise Radharc an Chnocáin agus Bhaile an Bhlácaigh i mBÁC 15 gur ó mhí na Samhna i leith, go mbíodh muintir an pharóiste ag feachaint ar aifreann ar líne, agus ansin ag teacht chun an tséipéil i mBaile an Huntaigh ina dhiaidh chun Comaoineach a ghlacadh.

He says the people of the parish will be disappointed by the Garda council and the Archdiocese of Dublin.

Deir sé go gcuirfidh comhairle na nGardaí agus Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath díomá ar mhuintir an pharóiste.

Leave a Reply