20210305_IRISH_10,000_litir_a_scriobh_imircigh_i_meiricea_bronnta_ar_oe_gaillimh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ycv4sawv

10,000 letters written by American migrants awarded to NUI Galway.

10,000 litir a scríobh imircigh i Meiriceá bronnta ar OÉ Gaillimh.

Northwestern Reporter An American historian has donated a collection of 10,000 letters written by Irish immigrants to America over the past 400 years to NUI Galway.

Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Tá bailiúchán de 10,000 litir a scríobh imircigh as Éirinn go Meiriceá le 400 bliain anuas bronnta ag staraí Meiriceánach ar Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

American researcher Kerby A.

Is é an taighdeoir Meiriceánach Kerby A.

Miller donated the collection to the University.

Miller a thug an bailiúchán don Ollscoil.

Acadamh na hOllscoile in Gaoth Dobhair in Co Donegal will screen and index the material for future public publication online.

Déanfaidh Acadamh na hOllscoile i nGaoth Dobhair i gCo Dhún na nGall scagadh agus innéacsú ar an ábhar lena chur ar líne go poiblí amach anseo.

The University says that “these documents are a window into the life of Ireland and America in the long run and are a wonderful gift to the people of the country from which these emigrants have left for centuries.”

Deir an Ollscoil gur “fuinneog ar shaol na hÉireann agus Mheiriceá sa tréimhse fhada atá sna cáipéisí seo agus gur bronntanas iontach iad do mhuintir na tíre ónár fhág na himircigh seo leis na céadta bliain.”

The collection donated by the American historian Kerby A Miller to the university in Galway is the view of Irish immigrants leaving their homeland for 400 years.

Dearcadh na n-imirceach as Éirinn ar a dtírín dúchais a bhí orthu a fhágáil le 400 bliain atá sa bhailiúchán atá tugtha ag an staraí Meiriceánach Kerby A Miller don ollscoil i nGaillimh.

That personal attitude is reflected in a collection of letters from immigrants that Miller has collected over the past 50 years.

Tá an meon pearsanta sin le feiceáil i mbailiúchán litreacha ó imircigh a chruinnigh Miller le breis is 50 bliain anuas.

Professor Breandán Mac Suibhne, Director of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, says that Miller himself spent some years here in the seventies seeking detailed information on emigration from Ireland to America.

Deir an tOllamh Breandán Mac Suibhne atá ina Stiúrthóir ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, gur chaith Miller é féin tamall de bhlianta anseo sna seachtóidí ag cuartú mioneolas ar an imirce as Éirinn go Meiriceá.

“He wanted to know what the ordinary Irish people thought had left this country of emigration.

“Bhí sé ag iarraidh a fháil amach caidé a shíl gnáthmhuintir na hÉireann a dfhág an tír seo den imirce.

He did not want to find all that information in books or in newspapers.

Ní raibh sé leis an eolas sin uilig afháil i leabharthaí ná i nuachtáin.

But he thought he would find that information in letters composed by the emigrants themselves, and began his collection of letters, transcribing them, passing the basics back to people and then analyzing them.

Ach mheas sé go bhfaigheadh sé an t-eolas sin i litreacha a chum na himircigh iad féin, agus thoisigh sé a chruinniú litreacha, á dtras-scríobh, ag cur na mbunrudaí ar ais chuig daoine agus ag déanamh anailís ansin orthu.

He found that the Irish people viewed emigration as an exile and that is what comes out of these letters, “says Breandán.

Fuair sé amach gur dhearc cosmhuintir na hÉireann ar an imirce mar a bheadh deoraíocht ann agus sin an rud is mó a thig amach as na litreacha seo,” arsa Breandán.

Breandán says that Miller has donated a huge treasure trove of Irish ideas abroad to a University in Ireland: “When Miller decided that his collection of letters was to come to Ireland, there was no better place for the subject. this is the National University of Ireland, Galway.

Deir Breandán go bhfuil cúis ar leith a bhfuil an taisce ollmhór de smaointe na nGael thar lear bronnta ag Miller ar Ollscoil in Éirinn: “Nuair a shocraigh Miller go raibh a chnuasach litreacha le teacht go hÉirinn, ní raibh áit ar bith níos fearr don ábhar seo ná Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Nowhere in the country has migration affected more than the west of Ireland and the university also has tremendous expertise in Irish life and culture, “said Mac Suibhne.

Níl áit ar bith sa tír a ndeachaigh an imirce i bhfeidhm uirthi níos mó ná iarthar na hÉireann agus chomh maith leis sin, tá saineolas millteanach san ollscoil ar shaol agus ar chultúr na hÉireann,” a dúirt Mac Suibhne.

“This university already has expertise in migration and the subject will be developed here.

“Tá saineolas san ollscoil seo cheana féin ar an imirce agus dhéanfar forbairt anseo ar an ábhar.

It’s the kind of filth we have to do now, because the pandemic will end and we will get in touch with each other again.

Tá sé sórt filiúntago bhfuilimid a dhéanamh anois, mar tiocfaidh deireadh leis an phaindéim agus beimid ag dul i dteagmháil lena chéile arís.

Irish people here at home and abroad, and this is what this collection is about.

Muintir na hÉireann anseo sa bhaile agus thar lear ,agus sin an rud atá sa bhailiúchán seo.

That’s what it is! How to bring Irish people home and abroad together – to connect with people abroad, but also to connect with Irish people in the past, “says Breandán Mac Suibhne.

Sin a bhfuil ann! An dóigh le muintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear a tharraingt le chéile- dul i dteagmháil le daoine thar lear, ach chomh maith leis sin dul i dteagmháil le muintir na hÉireann san am atá caite,” a deir Breandán Mac Suibhne.

The 10,000 letters of the collection will be screened at Acadamh Ghaoth Dobhair of the National University of Ireland.

Is in Acadamh Ghaoth Dobhair de Ollscoil na hÉireann a dhéanfar an scagadh ar an 10,000 litir den bhailiúchán.

Language Executive Mícheál Ó Domhnaill says that there is a lot of work but interesting work ahead of them.

Deir an Feidhmeannach Teanga Mícheál Ó Domhnaill go bhfuil obair mhór ach obair spéisiúil os a gcomhair.

“Content will be filtered and indexed.

“Beidh scagadh agus innéacsú le déanamh ar an ábhar.

First things first: who sent the letters? Their names, their surnames?

Na bunrudaí ar dtús: cé a sheol na litreacha?A n-ainmneacha, a sloinnte?

Where did they live?

Cá raibh cónaí orthu?

The dates they were launched. And what were they talking about?

Na dátaí ar seoladh iad.Agus céard iad na rudaí a raibh siad ag caint orthu?

Themes such as the American civil war or the Irish Civil War.

Téamaí ar nós chogadh cathartha Mheiriceá nó Cogadh Cathartha na hÉireann.

Establishment of the Free State.

Bunú an tSaorstáit.

The question of language in the early part of the last century.

Ceist na teanga i dtús na haoise seo caite.

Ordinary life of the people at the time.

Gnáthshaol na ndaoine san am.

Putting money back and forth the importance of that.

Ag cur airgid anall agus an tábhacht a bhain le sin.

Another question, what kind of work did these people have?

Ceist eile, cén sórt oibre oibre a bhí ag na daoine seo?

This material will be made available online to the public on a dedicated website, “says Mícheál Ó Domhnaill.

Cuirfear an t- ábhar seo ar líne don phobal ar shuíomh idirlín ar leith,” a deir Mícheál Ó Domhnaill.

Leave a Reply