20231025_IRISH_tuilte_sa_deisceart:_cabhair_€100,000_le_ceadu_ag_an_rialtas



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yljyxo5r

Contact: irishlingos@gmail.com

Flooding in the south: €100,000 aid to be approved by the Government.

Tuilte sa deisceart: cabhair €100,000 le ceadú ag an Rialtas.

Up to €100,000 could be made available to businesses and other organizations whose premises were severely damaged by floods last week, particularly in the south of the country, according to what is being proposed by the Minister for Enterprise Simon Coveney.

D’fhéadfaí suas le €100,000 a chur ar fáil do ghnóthais agus d’eagraíochtaí eile a ndearna tuilte damáiste mór dá n-áitribh an tseachtain seo caite, go háirithe i ndeisceart na tíre, de réir a bhfuil á mholadh ag an Aire Fiontar Simon Coveney.

There will be an exceptional support scheme, if accepted, which the Department of Enterprise and the Irish Red Cross Society will be responsible for administering.

Scéim tacaíochta eisceachtúil a bheas ann, má ghlactar leis, a mbeidh an Roinn Fiontar agus Cumann Croise Deirge na hÉireann freagrach as a riar.

It is estimated that around 150 people in Corran, Co Cork, will apply for the scheme – both businesses and community organisations, including a sports association.

Meastar go gcuirfidh thart ar 150 dream i Mainistir na Corann, Co Chorcaí, isteach ar an scéim – idir ghnóthais agus eagraíochtaí pobail, cumann spóirt ina measc.

Payments of €10,000 will be processed promptly but higher payments will need to be fully audited and assessed.

Próiseálfar íocaíochtaí de €10,000 go pras ach caithfear iniúchadh agus measúnú iomlán a dhéanamh ar na híocaíochtaí is airde.

According to the current scheme, support of up to €20,000 can only be given to people.

De réir na scéime atá ann faoi láthair, ní féidir ach tacaíocht suas le €20,000 a thabhairt do dhaoine.

That scheme will not be abolished – it is just that the exceptional scheme is being introduced, it is said, due to the exceptional circumstances that exist.

Ní chuirfear deireadh leis an scéim sin – níl ann ach go bhfuil an scéim eisceachtúil á thabhairt isteach, a deirtear, de bharr na gcúinsí eisceachtúla atá ann.

Before the Cabinet meeting this morning, Environment Minister Éamon Ryan said that the floods in east Cork last week were not unexpected.

Roimh chruinniú na Comhaireachta ar maidin inniu, dúirt an tAire Comhshaoil Éamon Ryan nach raibh aon choinne leis na tuilte a bhí in oirthear Chorcaí an tseachtain seo caite.

Climate change is affecting us now and we have to be prepared for it, he said.

Tá an t-athrú aeráide ag dul i gcion orainn anois agus caithfimid a bheith ullamh faoina chomhair, arsa sé.

For example, he said, the amount of rain that fell in Ireland in July was 200% higher than usual.

Cuir i gcás, a dúirt sé, bhí an méid fearthainne a thit in Éirinn i mí Iúil 200 faoin gcéad níos airde ná mar is gnách.

In light of this, as well as monetary compensation, flood protection schemes must be implemented without delay and a fresh look at the management of the country’s rivers, said Minister Ryan.

Ina fhianaise sin, chomh maith le cúiteamh airgid, ní mór scéimeanna cosanta tuilte a chur i bhfeidhm gan mhoill agus breathnú as an nua ar bhainistiú aibhneacha na tíre, a dúirt an tAire Ryan.

He also asked the local authorities to be very vigilant this winter.

D’iarr sé freisin ar na húdaráis áitiúla a bheith fíorairdealleach an geimhreadh seo.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply