20231013_IRISH_iosrael_le_gaza_a_chur_i_ngorta_no_go_saorfar_gialla



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ykfgjlbl

Contact: irishlingos@gmail.com

Israel to starve Gaza or hostages will be released.

Iosrael le Gaza a chur i ngorta nó go saorfar gialla.

The Israelis have indicated that they will not allow any water, food or humanitarian aid into Gaza or that the Israeli hostages held captive by Hamas in the enclave will be released.

Tá sé tugtha le fios ag na hIosraelaigh nach ligfidh siad isteach in Gaza uisce, bia ná cabhair dhaonnúil ar bith nó go scaoilfear saor na gialla Iosraelacha atá i mbraighdeanas ag Hamas san iamhchríoch.

There are about 2.4 million Palestinians living in Gaza and they are in the loop of the Israelis now more than ever since they have been under siege for a few days.

Tá thart ar 2.4 milllún Palaistíneach ina gcónaí in Gaza agus tá siad i lúba na nIosraelach anois níos mó ná riamh ó tá an áit faoi dhochtléigear acu le cúpla lá.

Already, the Palestinians of Gaza are in the loop of anger and what is there to meet their needs is becoming increasingly scarce.

Cheana féin, tá Palaistínigh Gaza i lúb an angair agus a bhfuil ann de riar a riachtanais ag dul i dteirce go tréan.

It is estimated that Hamas is holding around 100 hostages in Gaza, both civilians and soldiers.

Meastar go bhfuil thart ar 100 giall á gcoinneáil in Gaza ag Hamas, idir shibhialtaigh agus shaighdiúirí.

They were abducted when hundreds of members of Hamas carried out a brutal raid in southern Israel last weekend.

Fuadaíodh iad nuair a thug na céadta comhalta de Hamas mór-ruathar brúidiúil faoi dheisceart Iosrael an deireadh seachtaine seo caite.

Hamas killed people indiscriminately – the civilians of their base – when they went on a killing spree in Israeli settlements after breaching the barriers between Gaza and Israel.

Mharaigh lucht Hamas daoine as éadan – sibhialtaigh a mbunáite – nuair a chuaigh siad ar mire mharfach i lonnaíochtaí Iosraelacha tar éis dóibh na bacainní idir Gaza agus Iosrael a bhearnú.

It is currently estimated that over 1,300 people were killed in the incident and another 2,700 were injured.

Áirítear faoi láthair gur maraíodh os cionn 1,300 duine sa sléacht agus gur gortaíodh 2,700 eile.

Kim Damti, a 22-year-old Irish-Israeli, was among the dead.

Bhí Kim Damti, Éireannach-Iosraelach 22 blain d’aois, i measc na marbh.

The young woman was present at a music festival in southern Israel when a group of Hamas attacked the crowd and unleashed a bloody massacre.

Bhí an bhean óg i láthair ag féile cheoil i ndeisceart Iosrael nuair a tháinig buíon Hamas aniar aduaidh ar an slua agus thug fogha fuilteach fúthu.

250 people were killed with Kim that year.

Maraíodh 250 duine in éineacht le Kim san ár.

It was reported this evening that another young woman of Irish origin, Emily Hand, was killed while visiting a friend in a kibbutz near the border.

Tuairiscíodh tráthnóna gur maraíodh bean óg eile de bhunadh na hÉireann, Emily Hand, agus í ar cuairt ag cara léi in kibbutz in aice na teorann.

In revenge for the horror and in the body of their own race, the Israelis have since killed their Palestinian children in Gaza, without stopping the 5,600 who have been injured.

Mar dhíoltas as an uafás agus i gcorpéiric a gcine féin, tá a n-anlann Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza ó shin, gan an 5,600 atá leonta a bhac.

In that end, a large part of the enclave has been flattened by the barrage of missiles that the Israelis have fired at the place since the weekend.

Ina cheann sin, tá cuid mhór den iamhchríoch leacaithe ag na frasa diúracán atá scaoilte ag na hIosraelaigh leis an áit ón deireadh seachtaine.

This morning, fifteen people were killed when the Israelis bombed a refugee camp in northern Gaza.

Ar maidin inniu, maraíodh cúig dhuine dhéag nuair a bhuamáil na hIosraelaigh campa teifeach i dtuaisceart Gaza.

The Israelis have promised, however, that they will not stop sea or live until their thirst for revenge cools, if it cools.

Tá sé geallta ag na hIosraelaigh, áfach, nach ndéanfaidh siad stad mara ná cónaí go bhfuaróidh a bhfonn díoltais, má fhuaróidh.

To that end, the Israel Army infantry is making every effort for a massive offensive that will result in bloodshed without delay.

Chuige sin, tá gach uile úmachan á dhéanamh ag cos-slua Arm Iosrael i gcomhair ollionraidh a mbeidh na sruthanna fola mar thoradh air gan aon agó.

As a result of the suffering that is in store for the Palestinians of Gaza, the German Government has announced that the development aid they give them – and for all the Palestinian territories – has been suspended.

Mar bharr ar an bhfulaingt atá i ndán do Phalaistínigh Gaza, tá sé fógartha ag Rialtas na Gearmáine go bhfuil an cúnamh forbartha a thugann siad dóibh – agus do na críocha Palaistíneacha ar fad – go bhfuil sin curtha ar fionraí acu.

German Chancellor Olaf Scholz admitted that the Palestinians would suffer as a result of his decision but said that Hamas was to blame.

D’admhaigh Seansailéir na Gearmáine Olaf Scholz go bhfulaingeodh na Palaistínigh de bharr an chinnidh a bhí déanta aige ach dúirt gur ar Hamas a bhí an milleán.

RTÉ News and Current Affairs Gaza City, 12 October 2023

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Cathair Gaza, 12 Deireadh Fómhair 2023

Leave a Reply