20230927_IRISH_luach_€157_milliun_i_bhfoiscealach_cocaoin_a_fuarthas_ar_lastlong



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/254b5mgr

Contact: irishlingos@gmail.com

A cache of cocaine worth €157 million found on a cargo ship.

Luach €157 milliún i bhfoiscealach cócaoin a fuarthas ar lastlong.

The cache of cocaine found on a cargo ship seized by the authorities off the coast of Cork yesterday is estimated to be worth €157 million.

Meastar luach €157 milliún a bheith sa lear mór cócaoin a fuarthas ar lastlong ar ghabh na húdaráis seilbh uirthi le lámh láidir amach ó chósta Chorcaí inné.

At a press conference this morning, Assistant Commissioner of the Garda Síochána Justin Kelly said it was the largest haul of drugs ever found in the State.

Ag preasócáid ar maidin inniu, dúirt Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána Justin Kelly gurb é an lear drugaí is mó a fuarthas riamh sa Stát é.

Gardaí believe the cocaine belongs to a drug cartel from South America but have not said much else about that part of the story yet.

Creideann na Gardaí gur le cairtéal drugaí as Meiriceá Theas an cócaon ach níl mórán eile ráite acu faoi gcuid sin den scéal fós.

Gardai, members of the Naval Service and military personnel boarded the ship – the MV Matthew – in the Celtic Sea yesterday when the crew did not accept instructions from them.

Chuaigh Gardaí, comhaltaí den tSeirbhís Chabhlaigh agus fianóglaigh ón Arm, chuaigh siad ar bord na loinge – an MV Matthew – sa Mhuir Cheilteach inné nuair nár ghlac an criú le treoir uathu.

The ship has now been impounded in the Port of Cork and is to be searched for the next few days in the hope that more drugs may be found hidden in bogs throughout.

Tá an long gaibhnithe i gCalafort Chorcaí anois agus táthar lena cíoradh as seo go ceann roinnt laethanta le súil go mb’fhéidir go n-aimseofaí tuilleadh drugaí i bhfolach i gcaochóga ar a fud.

The ship sailed from South America on the first day and is registered in Panama.

Is as Meiriceá Theas a sheol an long an chéad lá agus is i bPanama atá sí cláraithe.

The Naval Service in conjunction with the Gardai had been keeping an eye on her for some time as they suspected she was carrying drugs, especially since she started roaming around the Irish coast.

Bhí an tSeirbhís Chabhlaigh i gcomhar leis na Gardaí ag coinneáil súil uirthi le tamall agus iad in amhras go raibh sí ag iompar drugaí, go háirithe ó thosaigh sí ag síománaíocht thart ar imeallbhord na hÉireann.

Gardaí believe the crew were to transfer a stash of cocaine from the ship to a trawler off the Wexford coast last weekend.

Creideann na Gardaí go raibh an criú le foiscealach cócaoin a aistriú ón long go trálaer amach ó chósta Loch Garman an deireadh seachtaine seo caite.

Unfortunately for them, however, the trawler set sail on Sunday afternoon.

Ar an drochuair dóibhsean, áfach, chuaigh an trálaer ar oitir tráthnóna Dé Domhnaigh.

The trawler is still sitting on the beach about twelve kilometers north of Roslair and cannot be moved while the sea is still rough.

Tá an trálaer fós ina suí ar an oitir thart ar dhá chiliméadar déag ó thuaidh ó Ros Láir agus ní féidir í a bhogadh agus an fharraige fós ina cóch.

The two men on board the trawler were rescued by rescue helicopter.

Tugadh slán ar héileacaptar tarrthála an bheirt fhear a bhí ar bord an trálaera.

Gardaí arrested the men when they landed and have been questioning them ever since.

Ghabh na Gardaí na fir nuair a tugadh i dtír iad agus tá siad á gceistiú acu ó shin.

One of them is English and the other is from Eastern Europe.

Sasanach is ea duine acu agus is as oirthear na hEorpa an duine eile.

A man of Iranian origin who was on the cargo ship has also been arrested and is being questioned by Gardaí.

Tá fear de bhunadh na hIaráine a bhí ar an lastlong gafa agus á cheistiú ag na Gardaí freisin.

RTÉ News and Current Affairs The MV Matthew seized in Cork Harbour

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ An MV Matthew gaibhnithe i gCuan Chorcaí

Leave a Reply