20230916_IRISH_cluiche_mor_eile_roimh_imreoiri_rugbai_na_tire_seo



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ysbegapj

Contact: irishlingos@gmail.com

Another big game before the rugby players of this country.

Cluiche mór eile roimh imreoirí rugbaí na tíre seo.

This evening Ireland will face Tonga in the Rugby World Cup which is taking place in France.

Tráthnóna inniu a thabharfaidh Éirinn aghaidh ar Tonga i gCorn Rugbaí an Domhain atá ar siúl sa Fhrainc.

Andy Farrell’s team is in pool B, this is Ireland’s second game in this competition after they comprehensively dispatched Romania (82-8) last week.

I bpúl B atá foireann Andy Farrell, seo é an dara cluiche ag Éirinn sa chomórtas seo i ndiaidh dóibh an Rómáin a chur de dhroim seoil go cuimsitheach (82-8) an tseachtain seo caite.

However, it is understood that this game will be more difficult for them, some players at Tonga who played for New Zealand (All Blacks) in the past.

Tuigtear áfach go mbeidh an cluiche seo níos déine orthu, roinnt imreoirí ag Tonga a d’imir don Nua Shéalainn (All Blacks) sa bhfad a caitheadh.

But Ireland had a good and strong start last Saturday and there was little to notice, although many would say that Romania was not of the same standard or risk.

Ach bhí tús maith láidir ag Éirinn Dé Sathairn seo caite agus is beag lúb ar lár a bhí le tabhairt faoi deara cé go ndéarfadh cuid mhaith nach raibh an Rómáin ar an gcaighdeán céanna ná baol air.

There are no injuries worth talking about in the Irish team and they deserve a lot too.

Níl aon ghortuithe gur fiú caint orthu ar fhoireann na hÉireann agus is mór is fiú dóibh sin freisin.

This is the 3rd time Ireland has played against this country, an island located in the Pacific Ocean.

Seo an 3ú huair ag Éirinn ag imirt in aghaidh na tíre seo, oileán atá suite san Aigéan Ciúin.

The Irish have beaten them twice already.

Bhuail na hÉireannaigh iad faoi dhó cheana.

Andy Farrell’s boys will be hoping for another win tonight.

Beidh súil ag buachaillí Andy Farrell bua eile a bheith acu anocht.

They will need it all as they still have Australia and Scotland to play in this group and hope to progress to the quarter finals.

Teastóidh sé uilig uathu mar go bhfuil An Astráil agus Albain fós le n-imirt acu sa ghrúpa seo agus súil ansin acu dul chun cinn chuig na cluichí ceathrú ceannais.

Then they will look to make their own history there and make their way as far as the semi-final for the first time in a competition that started in 1987.

Ansin féachfaidh siad lena stair féin a dhéanamh ansin agus a mbealach a dhéanamh chomh fada leis an gcluiche leathcheannais den chéad uair riamh i gcomórtas ar cuireadh tús leis i 1987.

At 8 o’clock Irish time that game will start in the city of Nantes.

Ag a 8 a’chlog am na hÉireann a thosóidh an cluiche sin i gcathair Nantes.

Ireland head coach Andy Farrell

Príomhchóitseálaí na hÉireann Andy Farrell

Leave a Reply