20230625_IRISH_misin_shiochanaiochta:_breathnoimis_aris_ar_an_nglas_triarach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2glwwxx5

Contact: irishlingos@gmail.com

Peacekeeping missions: “let’s look again at the Triple Green”.

Misin shíochánaíochta: “breathnóimis arís ar an nGlas Triarach”.

Tánaiste Micheál Martin said that Ireland should look again at the Triple Lock, as it is called, or the three fences that need to be thrown before soldiers from this country can be sent abroad.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin gur chóir d’Éirinn breathnú arís ar an nGlas Triarach, mar a thugtar air, nó na trí chlaí is gá a chaitheamh sular féidir saighdiúrí as an tír seo a chur thar lear.

Micheál Martin was speaking at the second session of the Consultative Forum on International Security Policy which is taking place in Galway today.

Ag labhairt a bhí Micheál Martin ag an dara seisiún den Fhóram Comhairleach maidir le Polasaí Slándála Idirnáisiunta atá ar siúl i nGaillimh inniu.

The first session was in Cork yesterday.

Is i gCorcaigh inné a bhí an chéad seisiún.

The Tánaiste indicated that the Government wished to ensure that this country would not be discouraged from participating in peacekeeping missions abroad.

Thug an Tánaiste le fios gur mhian leis an Rialtas a chinntiú nach mbeadh aon laincis ar an tír seo páirt a ghlacadh i misin shíochánaíochta thar lear.

That is, he said, as long as it would really be peacekeeping missions (and there would be no hidden objectives).

Is é sin, arsa sé, fad is gur misin shíochánaíochta a bheadh i gceist i ndáiríre (agus nach mbeadh aon chuspóirí ceilte ann).

According to the policy known as the Triple Lock, permission must be obtained from the Government, the Dáil and the United Nations before the Irish Defense Forces can be sent on duty in foreign countries.

De réir an pholasaí a dtugtar an Glas Triarach air, caithfear cead a fháil ón Rialtas, ón Dáil agus ó na Náisiúin Aontaithe sular féidir Óglaigh na hÉireann a chur ar dualgas i dtíortha iasachta.

The Tánaiste would like to relax this policy so that there is no need to consult more with the United Nations Security Council.

Ba mhaith leis an Tánaiste an polasaí seo a mhaolú le nach gcaithfí dul i gcomhairle ní ba mhó le Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

He pointed out that the five permanent members of the Security Council are forever trying to get the best of each other and that Russia, as part of this conflict, has a habit of blocking international peacekeeping missions.

Thug sé le fios go mbíonn na cúig bhall bhuana den Chomhairle Slándála go síoraí ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile agus go bhfuil sé de nós ag an Rúis, mar chuid den tsáraíocht seo, misin shíochánaíochta idirnáisiúnta a chosc.

It is not worth it for us to pretend that this art is not up and it is so, says Micheál Martin, that a resolution has not been passed in the United Nations in connection with a peacekeeping mission since 2014.

Ní fiú dúinne ligean orainn féin nach bhfuil an ealaín seo ar bun agus is amhlaidh atá sé, arsa Micheál Martin, nár ritheadh rún sna Náisiúin Aontaithe i dtaca le misean síochánaíochta ó 2014.

As a reinforcement of this dysfunction, according to him, he drew attention to the plight of Syria and the difficulties involved in providing humanitarian aid to the four million people in need there.

Mar sholaoid ar an mífheidhmiúlacht seo, dar leis, tharraing sé aird ar anchás na Siria agus ar na deacrachtaí a bhaineann le cabhair dhaonnúil a thabhairt do na ceithre mhilliún duine atá i ngátar ansin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply