20230622_IRISH_fuaimeanna_cloiste_agus_cuardach_ag_dul_ar_mhion-fhomhuirean



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2mlxv2bj

Contact: irishlingos@gmail.com

“Sounds” heard and a search is underway for a mini-submarine.

“Fuaimeanna” cloiste agus cuardach ag dul ar mhion-fhomhuireán.

Rescuers searching for the Titan mini-submarine, which has been missing in the North Atlantic for three days, are reported to have heard “sounds” coming from the depths of the sea.

Tuairiscítear “fuaimeanna” aníos as domhain na farraige a bheith cloiste ag lucht tarrthála atá i mbun cuardaigh ar mhion-fhomhuireán an Titan atá ar iarraidh san Atlanach Thuaidh le trí lá.

It was not said what kind of sound it was – whether it was tapping, bass, or some other kind of dull sound.

Ní dúradh cén sórt fuaime a bhí i gceist – ar cnagadh, dord, nó fuaim mhaol de chineál éigin eile a bhí ann.

However, Rolling Stone magazine and CNN are reporting that it was a knock – at least at first – and that it was heard every half hour for a while.

Mar sin féin, tá sé á thuairisciú ag an iris Rolling Stone agus ag CNN gur cnagadh a bhí ann – ar an gcéad dul síos ar a laghad – agus go raibh sé le cloisteáil gach leathuair an chloig ar feadh tamaill.

According to Rolling Stone the sounds were detected by sonar buoys.

Dar le Rolling Stone gur baoithe sonóra a bhraith na fuaimeanna.

Four hours later, according to the reports, more noises were heard but it seems that it was not a knock then.

Ceithre huaire an chloig ina dhiaidh sin, de réir na dtuairiscí, chualathas tuilleadh fuaimeanna ach dealraíonn sé nach cnagadh a bhí ann an uair sin.

The United States Coast Guard has since confirmed that the search is being focused on a narrower area of the sea in light of the latest crime but the work has been said to have been unsuccessful so far.

Tá sé dearbhaithe ó shin ag Garda Cósta na Stát Aontaithe go bhfuil an cuardach á dhíríú ar limistéar farraige níos cúinge i bhfianaise an choir is deireanaí ach dúradh nach raibh aon rath ar an obair go nuige seo.

The Titan has the capacity to remain underwater for up to 96 hours.

Tá sé d’acmhainn ag an Titan fanacht faoin uisce ar feadh suas le 96 uair an chloig.

This means, unfortunately, that the oxygen in the vessel will be exhausted by tomorrow morning.

Fágann sin, faraor, go mbeidh an t-ocsaigin san árthach ídithe faoi mhaidin amárach.

There are five people in the small submarine that was taking a trip under the wreck of the Titanic when communication was cut between it and those who steered it on top of the sea.

Cúigear atá san fhomhuireán beag a bhí ag tabhairt turas faoi raiceáil an Titanic nuair a gearradh an chumarsáid idir í agus lucht a stiúrtha ar bharr na farraige.

The five are the British man Hamish Harding, 58 years; the Pakistani businessman Shahzada Dawood, 48, and his nineteen-year-old son Sulaiman; the French pilot Paul-Henry Nargeolet, 77 years; and the founder of the company that owns the vessel Stockton Rush, 61 years.

Is iad an cúigear an toicí as an mBreatain Hamish Harding, 58 bliain; an fear gnó as an bPacastáin Shahzada Dawood, 48 bliain, agus a mhac Sulaiman atá naoi mbliana déag; an píolóta as an bhFrainc Paul-Henry Nargeolet, 77 bliain; agus bunaitheoir an chomhlachta ar leo an t- árthach Stockton Rush, 61 bliain.

An area of 19,683 square kilometers has been searched so far by ships and planes from Canada and the United States, and they are currently being assisted by the crew of a commercial ship with its own mini-submarine.

Tá limistéar 19,683 ciliméadar cearnach cuardaithe go dtí seo ag longa agus eitleáin as Ceanada agus as na Stáit Aontaithe, agus tá foireann loinge tráchtála a bhfuil mion-fhomhuireán dá gcuid féin acu ag cuidiú leo faoi láthair.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply