20230531_IRISH_daonaireamh_2022:_20,261_cainteoir_laethuil_gaeilge_sa_ghaeltacht



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2g9krlz3

Contact: irishlingos@gmail.com

Census 2022: 20,261 daily speakers of Irish in the Gaeltacht.

Daonáireamh 2022: 20,261 cainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht.

There were 20,261 daily speakers of Irish in the Gaeltacht last year, according to information from the 2022 Census published by the Central Statistics Office today.

Bhí 20,261 cainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht anuraidh, de réir faisnéise ó Dhaonáireamh 2022 a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu.

That’s a 1.6% decrease from the 2016 Census.

Sin laghdú 1.6 faoin gcéad ó Dhaonáireamh 2016.

People who spoke Irish outside the education system were involved.

Daoine a labhair Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a bhí i gceist.

The situation was not the same in every Gaeltacht area.

Ní mar a chéile a bhí an scéal i ngach ceantar Gaeltachta.

It is said that the number of daily Irish speakers rose by almost 9% in the Rinne Gaeltacht and 4% in the Kerry Gaeltacht.

Deirtear gur ardaigh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge beagnach 9 faoin gcéad i nGaeltacht na Rinne agus 4 faoin gcéad i nGaeltacht Chiarraí.

In relation to the State as a whole, it is said that almost 1.9 million people over the age of three spoke Irish in 2022, which is a 6% increase from 2016.

I dtaca leis an Stát trí chéile de, deirtear go raibh Gaeilge ag beagnach 1.9 milliún duine os cionn trí bliana d’aois in 2022, ar ardú 6 faoin gcéad é ó 2016.

One in ten respondents reported that they had “very good Irish” and one third of them reported that they had “good Irish”.

Thuairiscigh duine as gach deichniúr acusan go raibh “Gaeilge an-mhaith acu” agus thuairiscigh aon trian díobh agus go raibh “Gaeilge mhaith” acu.

It is also said that over 620,000 people reported that they spoke Irish daily in the education system or outside of it.

Deirtear chomh maith gur thuairiscigh os cionn 620,000 duine gur labhair siad Gaeilge go laethúil sa chóras oideachais nó taobh amuigh de.

70,000 of them said they spoke it daily outside the education system, which is a 2% decrease compared to the 2016 Census.

70,000 acu a dúirt gur labhair siad í go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, ar laghdú 2 faoin gcéad é sin i gcomparáid le Daonáireamh 2016.

The figures published today contain significant information, according to sociolinguist Professor Conchúr Ó Giollagáin from the University of the Gaeltacht and the Islands in Scotland.

Tá faisnéis shuntasach sna figiúirí a foilsíodh inniu, dar leis an sochtheangeolaí an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin ó Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán in Albain.

“Regarding the reduction in the number of daily Irish speakers outside the education system in the Gaeltacht, it will be important to further refine the detailed statistics when they come out, but nevertheless it is another indication of how unstable the Gaeltacht is contemporary.

“Maidir leis an laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla taobh amuigh den chóras oideachais sa nGaeltacht, beidh sé tábhachtach scagadh breise a dhéanamh ar na mionstaitisticí nuair a thagann siad amach, ach mar sin féin is léiriú eile é ar a mhísheasmhaí agus atá an Ghaeltacht chomhaimseartha.

“At the level of Language Planning Areas in the Gaeltacht, a mixed account is given in the case of the areas in Category A but a very significant drop in the case of some of the areas in Category B.

“Ag leibhéal na Limistéar Pleanála Teanga sa nGaeltacht, tugtar cuntas measctha i gcás na gceantar i gCatagóir A ach titim thar a bheith suntasach i gcás cuid de na ceantair i gCatagóir B.

“It seems that the new question about people’s ability to speak Irish reflects the effect of the education system and is not really a reflection of fluent Irish speaking.

“Is dóigh go léiríonn an cheist nua faoin gcumas Gaeilge atá daoine éifeacht an chórais oideachais agus nach léiriú é i ndáiríre ar labhairt líofa na Gaeilge.

For example, in the case of three- and four-year-old boys, 7.5% of this age group are reported to have very good Irish.

Mar shampla, i gcás na ngasúr trí bliana agus ceithre bliana d’aois, tuairiscítear Gaeilge an-mhaith a bheith ag 7.5 faoin gcéad den aoisghrúpa seo.

This figure can be compared to the number of pupils who are at school in the Gaeltacht or Gaelscoil.

Tá an figiúr seo inchurtha le líon na ndaltaí atá ar scoil sa Ghaeltacht nó i nGaelscoil.

“The number of people who claim to have an ability in Irish has been relatively stable since 2011, around 40% of the State’s population.

“Tá líon na ndaoine a mhaíonn go bhfuil cumas sa nGaeilge acu réasúnta seasmhach ó 2011 ar aghaidh, thart ar 40 faoin gcéad de dhaonra an Stáit.

But it is well understood that 40% of the population could not be talented in Irish and it is clear that some of these people are talking about the symbolic importance that Irish has for them.”

Ach tuigtear go maith nach bhféadfadh 40 faoin gcéad den daonra a bheith cumasach sa nGaeilge agus is léir go bhfuil cuid de na daoine seo ag caint ar an tábhacht shiombalach atá ag an nGaeilge dóibh.”

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply