20230524_IRISH_cuan_chorcai_ag_breithniu_loistin_dideanaithe_ar_muir



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ekz6t6l

Contact: irishlingos@gmail.com

Cork Harbor considering refugee accommodation at sea.

Cuan Chorcaí ag breithniú lóistín dídeanaithe ar muir.

The Cork Harbor Company has confirmed that they are in talks with the Government to develop a “hotel on water” on the sea to provide accommodation for asylum seekers.

Tá sé deimhnithe ag Cuideachta Chuan Chorcaí go bhfuil cainteanna ar bun acu leis an Rialtas chun “óstán ar uisce” a fhorbairt ar an bhfarraige le lóistín a chur ar fáil do lucht lorgtha dídine.

It was revealed a week ago that the Government was considering providing accommodation that would float on water – on barges and ships – to tackle the housing crisis for asylum seekers.

Tugadh le fios le seachtain go raibh an Rialtas ag smaoineamh ar lóistín a chur ar fáil a bheadh ag snámh ar uisce – ar bháirsí agus longa – chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta d’iarrthóirí tearmainn.

But Dr Piaras McEnrí – a lecturer at University College Cork and a member of the asylum initiative in that city – says that a permanent arrangement is often made of a temporary arrangement and that such an arrangement would not be appropriate.

Ach deir an Dr Piaras Mac Éinrí – léachtóir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus ball den tionscnamh tearmainn sa gcathair sin – gur minic go ndéantar socrú buan de shocrú sealadach agus nach mbeadh a leithéid de shocrú feiliúnach.

We understand that the International Refugee Service is researching the arrangements made in other countries and that they are focusing on what has been done in Dorset, Britain, where it is planned to house 500 refugees on one large barge .

Tuigtear dúinne go bhfuil an tSeirbhís Idirnáisiúnta Soláthair Dídeanaigh i mbun taighde ar na socruithe atá déanta i dtíortha eile agus go bhfuil siad ag díriú ar an méid atá déanta i Dorset na Breataine, áit a bhfuil sé beartaithe 500 teifeach a lonnú ar aon bháirse mhór amháin.

Activists for asylum seekers say they are concerned that it will not be a temporary solution there, or in places closer to home.

Deir gníomhnaithe ar son iarrathóirí tearmainn go bhfuil imní orthu nach réiteach sealadach a bheidh i gceist ansiúd, ná in áiteanna níos gaire de bhaile.

Minister Simon Harris has said that €50 million of funding will be made available to each county in the country to develop accommodation for asylum seekers.

Tá sé ráite ag an Aire Simon Harris go mbeidh €50 milliún de mhaoiniú á chur ar fáil do gach contae sa tír le lóistín a fhorbairt do lucht lorgtha dídine.

We understand that the ongoing discussions between Cork Harbor and the State are still preliminary talks.

Tuigtear dúinn gur réamhchainteanna atá i gceist go fóill sna comhráití atá ar bun idir Cuan Chorcaí agus an Stát.

Marian O’Flaherty will have more on that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O’Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.

A holiday ship landing in Cork Harbour.

Long saoire ag teacht i dtír i gCuan Chorcaí.

Leave a Reply