20230520_IRISH_beirt_deagoiri_gafa_maidir_le_hionsai_ar_dheagoir_eile_san_uaimh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zzpoeey

Contact: irishlingos@gmail.com

Two teenagers arrested in relation to an attack on another teenager in Navan.

Beirt déagóirí gafa maidir le hionsaí ar dhéagóir eile san Uaimh.

Gardai arrested three teenagers today in relation to an attack on another teenager, aged 14, in Navan in County Meath at the start of the week.

Ghabh na Gardaí triúr déagóirí inniu maidir le hionsaí a déanadh ar dhéagóir eile, 14 bliain d’aois, san Uaimh i gContae na Mí ag tús na seachtaine.

Those teenagers have now been released by Gardai, with no reason given, and a file to be resolved in accordance with the Children’s Act 2001.

Tá na déagóirí sin scaoilte saor anois ag Gardaí, gan aon chúis curtha ina leith, agus comhad le réiteach de réir Acht na Leanaí 2001.

Gardaí have arrested two other teenagers in connection with their investigation this afternoon.

Tá beirt déagóirí eile gafa ag Gardaí i dtaca lena bhfiosrúchán tráthnóna.

The attack took place in Navan on Monday evening.

Tharla an t-ionsaí san Uaimh tráthnóna Dé Luain.

The attack was recorded and the video uploaded on social media.

Taifeadadh an t-ionsaí agus cuireadh an físeán in airde ar na meáin shóisialta.

Gardai say the young boy was treated for serious facial injuries as a result of the attack.

Deir na Gardaí gur cuireadh cóir leighis ar an mbuachaill óg do ghortaithe tromchúiseacha éadain a bhain do mar thoradh ar an ionsaí.

Gardai have said the attack was a hate crime.

Tá sé ráite ag Gardaí gur coir fuatha a bhí san ionsaí.

Education Minister Norma Foley said she was in contact with the school and it was expected that the person who was attacked would return to the school in the coming days.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sí i dteagmháil leis an scoil agus go rabhthas ag súil go bhfillfeadh an té a ionsaíodh ar an scoil sna laethanta atá le teacht.

The Minister for Education and the Gardaí are urging people not to share the video further on social media.

Tá an tAire Oideachais agus na Gardaí ag impí ar dhaoine gan an físeán a roinnt a thuilleadh ar na meáin shóisialta.

Two teenagers arrested in connection with an attack on another teenager in Navan at the beginning of the week, three others released

Beirt déagóirí gafa maidir le hionsaí a déanadh ar dhéagóir eile san Uaimh ag tús na seachtaine, triúr eile scaoilte saor

Leave a Reply