20230501_IRISH_cabhair_dhaonnuil_sa_tsudain_le_comhordu_ag_na_naisiuin_aontaithe



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hbd328s

Contact: irishlingos@gmail.com

Humanitarian aid in Sudan to be coordinated by the United Nations.

Cabhair dhaonnúil sa tSúdáin le comhordú ag na Náisiúin Aontaithe.

The two warring military gangs in Sudan are accusing each other of violating the ceasefire that has been in place since midnight.

Tá an dá dhrong mhíleata atá in árach a chéile sa tSúdáin ag cur i leith a chéile go bhfuil siad ag sárú an tsosa chomhraic atá in ainm a bheith i bhfeidhm ón meán oíche.

At least 528 people have been killed and 4,600 people have been injured as a result of the fighting between the two factions for more than two weeks.

Áirítear 528 duine ar a laghad a bheith maraithe agus 4,600 duine a bheith gortaithe de bharr na cogaíochta idir an dá dhream le breis agus coicís.

However, the United Nations believes that many more people have actually been killed.

Creideann na Náisiúin Aontaithe, áfach, go bhfuil i bhfad níos mó daoine maraithe i ndáiríre.

One of the two factions – paramilitaries loyal to the country’s deputy leader Mohamed Hamdan Dagalo – has said they will abide by the ceasefire, but the other loyal to the country’s leader – General Abdel Fattah al-Burhan – says they do not believe they promise the enemy.

Tá sé ráite ag ceann den dá dhream – paraimíleataigh atá dílis do leascheannaire na tíre Mohamed Hamdan Dagalo – go gcloífidh siad leis an sos comhraic, ach deir an dream eile atá dílis do cheannaire na tíre – an Ginearál Abdel Fattah al-Burhan – nach gcreideann siad gealltanais an namhad.

Disagreement between the two over the transfer of power to a civilian government is a contributing factor to the war.

Easaontas idir an bheirt úd faoi aistriú na cumhachta go rialtas sibhialtach is cionsiocair leis an gcogaíocht.

The well-known diplomat Martin Griffiths has been sent to Sudan by the United Nations to try to coordinate relief matters in the country.

Tá an taidhleoir aitheanta Martin Griffiths curtha chun na Súdáine ag na Náisiúin Aontaithe go bhféachfaidh sé le cúrsaí fóirithinte sa tír a chomhordú.

As a reminder of the lack of organization and the challenge before it, eight tons of relief supplies sent from Jordan to Port Sudan on the Red Sea are still not distributed to the victims.

Mar sholaoid ar an easpa eagair agus ar an dúshlán atá roimhe, tá ocht dtonna de sholáthairtí fóirithinte a seoladh ón Iordáin go Port na Súdáine ar an Muir Rua fós gan dáileadh ar lucht an chaill.

Fifteen million people in Sudan were dependent on humanitarian aid, especially food, before the fighting started and millions more have now been left destitute as a result.

Bhí cúig mhilliún déag duine sa tSúdáin ag brath ar chabhair dhaonnúil, go háirithe bia, sular thosaigh an comhrac agus tá na milliúin eile fágtha ar an gcaolchuid anois dá bharr.

In that one, thousands of people are fleeing in all directions.

Ina cheann sin, tá na mílte daoine ag teitheadh i ngach aon treo baill.

Some of them are facing Chad and the Central African Republic in the west, while others are heading south towards South Sudan and Ethiopia.

Tá cuid acu ag tabhairt aghaidh ar Shead agus ar Phoblacht na hAfraice Láir san iarthar, agus cuid eile ag triall ó dheas ar an tSúdáin Theas agus an Aetóip.

There is no escape, however, for the base of the people who fled their towns and have to fend for themselves inside Sudan.

Níl aon éalú, áfach, ag bunáite na ndaoine a theith óna mbailte agus a chaithfeas seiftiú dóibh féin taobh istigh den tSudáin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply