20230323_IRISH_fuarlaigh_geallta_i_bport_lairge_de_bharr_an_rabharta



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ewfycyn

Contact: irishlingos@gmail.com

Bets in Waterford have fallen due to the report.

Fuarlaigh geallta i bPort Láirge de bharr an rabharta.

It appears that some areas of Waterford may be left under water this evening and tomorrow morning due to the heavy spring rain.

Dealraítear go mb’fhéidir bhfágfaí ceantair áirithe i bPort Láirge faoi uisce tráthnóna inniu agus ar maidin amárach mar gheall ar rabharta mór an earraigh.

Waterford City and County Council is appealing for people to stay away from the shores or the river will recede.

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag achainí ar dhaoine fuireach ó na cladaí nó go gcúlóidh an rabharta.

There is a risk, it is said, that the top will be washed onto the shores in places without shelter.

Tá an baol ann, a deirtear, go dtonnfaidh an barr láin isteach ar na cladaí in áiteanna gan foscadh.

The local authority has put up barriers in the city and in the Passage in Waterford harbor to keep the river out.

Tá bacainní curtha suas sa chathair agus sa Phasáiste i gcuan Phort Láirge ag an údarás áitiúil leis an rabharta a choinneáil amach.

The same advice has been given to people in Dungarvan, where car parks near the sea have already been closed.

Tá an chomhairle chéanna curtha ar dhaoine i nDún Garbhán, mar a bhfuil carrchlóis in aice na farraige dúnta cheana féin.

The story also concerns the city of Cork and the local authority there says that there may be flooding around the lowest piers in the city center from now until Thursday.

Baineann an scéal le cathair Chorcaí chomh maith agus deir an t-údarás áitiúil ansin go mb’fhéidir go mbeadh tuilte thart ar na céanna is ísle i lár na cathrach as seo go Déardaoin.

Met Éireann has also issued a yellow rain warning for the people of Kerry.

Tá fógra buí báistí tugtha ag Met Éireann do mhuintir Chiarraí leis.

A wet and windy evening is promised in the county, especially in mountain areas.

Tráthnóna uisciúil agus gaofar atá geallta sa chontae, go háirithe i gceantair sléibhe.

The notice will apply between 2 o’clock and 8 o’clock in the evening.

Beidh feidhm leis an bhfógra idir 2 a chlog agus 8 a chlog tráthnóna.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply