20230226_IRISH_daoine_ag_cruinniu_go_naisiunta_le_seasamh_leis_an_ucrain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2qme3xmb

Contact: irishlingos@gmail.com

People meeting nationally to stand with Ukraine.

Daoine ag cruinniú go náisiúnta le seasamh leis an Úcráin.

More than a thousand people gathered in front of the General Post Office in Dublin this evening, one year to the day since Russia invaded Ukraine.

Bhailigh breis is míle duine os comhair Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath tráthnóna, bliain is an lá inniu ó rinne an Rúis ionradh ar an Ucráin.

Similar events were being held across the country during the day.

Bhí ócáidí den chineál céanna á reachtáil ar fud na tíre i rith an lae.

In a later address, the President of Ukraine Volodmyr Zelensky said that that country will try to win the upper hand over the Russians in 2023.

In aitheasc ar ball dúirt Uachtarán na hUcráine Volodmyr Zelensky go ndéanfaidh an tír sin chuile iarracht an lámh in uachtar a fháil ar na Rúisigh i 2023.

6 million people have been arrested while fleeing abroad, and an estimated 200,000 people have been killed by the war.

Tá 6 mhilliún duine tar éis a ghabháil ar a dteithadh thar lear, agus meastar go bhfuil 200,000 duine curtha den tsaol ag an gcogaíocht.

President Zelensky was in tears as he addressed the crowds in Kyiv this morning.

Bhí na deora leis an Uachtarán Zelensky agus é ag labhairt leis na sluaite i gCív ar maidin.

To his credit he said that Russia had not succeeded in making any progress so far in the war.

Díol mórtais dó a dúirt sé nár éirigh leis an Rúis aon dul chun cinn a dhéanamh go dtí seo sa gcogadh.

Former Russian President Dmitri Medvedev said that Russia will continue the invasion of Ukraine and that it is intended to push the Ukrainian forces back as far as the Polish border.

Dúirt iar-Uachtarán na Rúise Dmitri Medvedev go gcoinneoidh an Rúis uirthi leis an ionradh ar an Ucráin agus go bhfuil sé i gceist fórsaí na hÚcráine a bhrú siar chomh fada le teorann na Polainne.

Polish Prime Minister Mateusz Morawiecki visited Khív today as a sign of support for the people of that country.

Thug Príomhaire na Polainne Mateusz Morawiecki cuairt ar Khív inniu mar chomhartha tacaíochta do mhuintir na tíre sin.

There was a moment of silence in Britain and Prime Minister Rishi Sunak said that Britain would impose further sanctions on aircraft parts and electronic systems that help the Russian situation.

Bhí nóiméad ciúnais sa mBreatain agus dúirt an Príomhaire Rishi Sunak go gcuirfeadh an Bhreatain tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm ar pháirteanna eilteáin agus ar chórais leictreonacha a chuidíonn le cás na Rúise.

French President Emmanuel Macron confirmed that country’s support for Ukraine and NATO President Jens Stoltenberg said that Ukraine is now stronger than it has ever been.

Dheimhnigh Úachtarán na Fraince Emmanuael Macron tacaíocht na tíre sin don Urcráin agus dúirt Uachtarán NATO Jens Stoltenberg go bhfuil an Ucráin níos láidre anois ná mar a bhí sí riamh.

Irene Ní Nualláin will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Irene Ní Nualláin ar Nuacht TG4 ag 1900.

Leave a Reply