20230121_IRISH_fineail_€5.5m_gearrtha_ar_whatsapp_faoi_rialachain_a_sharu



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ndnyzua

Contact: irishlingos@gmail.com

WhatsApp fined €5.5m for breaching regulations.

Fíneáil €5.5m gearrtha ar WhatsApp faoi rialacháin a sháru.

The Commission for Data Protection has imposed a fine of €5.5 million on the company that administers the WhatsApp messaging app for breaching the General Data Protection Regulation.

Tá fíneáil €5.5 milliún gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar an gcomhlacht a riarann an aip teachtaireachtaí WhatsApp faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a shárú.

The company was also ordered to update its data processing operations in accordance with the regulations from now on for the next six months.

Ordaíodh don chomhlacht freisin a gcuid oibríochtaí próiseála sonraí a nuashonrú de réir na rialachán as seo go ceann sé mhí.

WhatsApp indicated that they would appeal against the Commission’s decision because they themselves believe that the service already meets the regulations from a technological and legal point of view.

Thug WhatsApp le fios go ndéanfaidís achomharc in aghaidh chinneadh an Choimisiúin mar go gcreideann siad féin go dtagann an tseirbhís leis na rialacháin cheana féin ó thaobh na teicneolaíochta agus ó thaobh an dlí de.

The matter relates to a complaint received by the Commission from a WhatsApp user regarding the app’s terms of service.

Baineann an scéal le gearán a fuair an Coimisiún ó úsáideoir WhatsApp maidir le téarmaí seirbhíse na haipe.

The user claimed that the company was forcing him or her to accept updated terms and that he or she really had no choice but to accept them.

Mhaígh an t-úsáideoir go raibh an comhlacht ag cur iallach air nó uirthi glacadh le téarmaí nuashonraithe agus nach raibh aon rogha aige nó aici i ndáiríre ach glacadh leo.

The Commission also fined Facebook and Instagram €390 million earlier this month for breaching data protection regulations.

Ghearr an Coimisiún fíneálacha €390 milliún ar Facebook agus ar Instagram níos luaithe an mhí seo chomh maith faoi rialacháin chosanta sonraí a shárú.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply