20221126_IRISH_11,397_duine_i_loistin_eigeandala,_an_lion_is_mo_riamh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2puwsbsc

Contact: irishlingos@gmail.com

11,397 people in emergency accommodation, the largest number ever.

11,397 duine i lóistín éigeandála, an líon is mó riamh.

11,397 people were in emergency accommodation last month, which is the highest number ever recorded in the State.

11,397 duine a bhí ag baint fúthu i lóistín éigeandála an mhí seo caite, sin an líon is mó a taifeadadh riamh sa Stát.

It is a 1.6% increase from the previous month, when 10,975 people were living in emergency accommodation.

Is ardú 1.6 faoin gcéad é ón mí roimhe sin, tráth a raibh 10,975 duine ina gcónaí i lóistín éigeandála.

According to the latest figures from the Department of Housing, emergency accommodation was provided to 7,917 adults and 1,601 families – including 3,480 children – in various parts of the country in October.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta, cuireadh cóiríocht éigeandála ar fáil do 7,917 duine fásta agus 1,601 teaghlach – 3,480 leanbh ina measc – in áiteanna éagsúla ar fud na tíre i mí Dheireadh Fómhair.

David Carroll from housing charity Depaul said it was no longer surprising – or even shocking – that the figures were rising every month.

Dúirt David Carroll ón gcarthanas tithíochta Depaul nach údar iontais – ná fiú údar scéine – níos mó na figiúirí a bheith ag ardú gach mí.

However, it is regrettable, he said, and there should be no acceptance of that amount of people being in relation to emergency accommodation.

Is údar aiféala é mar sin féin, ar sé, agus níor chóir go mbeadh aon ghlacadh leis an méid sin daoine a bheith i dtaobh le cóiríocht éigeandála.

According to him as well, the easing of the housing crisis during the Covid-19 pandemic was only a shift, a shift that made people feel bad.

Dar leis chomh maith nach raibh sa mhaolú ar an ngéarchéim lóistín le linn na paindéime covid 19 ach seal, ar seal é a chuir cluain ar dhaoine.

A review and fundamental change of the State’s objectives and structures in relation to social housing is now needed, said Cerballach.

Athbhreithniú agus athrú ó bhonn ar chuspóirí agus struchtúir an Stáit maidir le tithíocht shóisialta a theastaíonn anois, arsa an Cearbhallach.

State agencies must now prioritize social housing – above any other type of housing – when looking at supply issues, he said.

Ní mór do ghníomhaireachtaí Stáit tús áite a thabhairt feasta do thithíocht shóisialta – thar aon chineál eile tithíochta – agus iad ag breathnú ar chúrsaí soláthair, a dúirt sé.

Leave a Reply