20221124_IRISH_an_fliu_eanuil_tolgtha_ag_an_dara_healta_turcaithe_i_muineachan



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2l3ksgmo

Contact: irishlingos@gmail.com

The second flock of turkeys in Monaghan caught bird flu.

An fliú éanúil tolgtha ag an dara healta turcaithe i Muineachán.

A second flock of turkeys in Co Monaghan has been infected with bird flu.

Tá an fliú éanúil tolgtha ag an dara healta turcaithe i gCo Mhuineacháin.

It was confirmed this morning that the bird flu has been picked up by turkeys on a farm close to where the first outbreak of the virus in the county this winter was reported ten days ago.

Deimhníodh ar maidin inniu go bhfuil an fliú éanúil tolgtha ag turcaithe ar fheirm gar don áit ar sonraíodh an chéad ráig den aicíd sa chontae an geimhreadh seo deich lá ó shin.

The turkeys in that first flock were being prepared for the Christmas market but all of them had to be exterminated.

Bhí na turcaithe sa chéad ealta sin á réiteach do mhargadh na Nollag ach b’éigean gach ceann acu a dhíothú.

A three kilometer protection zone was placed around that farm and the Department of Agriculture, Food and the Marine announced today that the zone would be extended in light of the latest outbreak.

Cuireadh limistéar cosanta trí chiliméadar timpeall ar an bhfeirm úd agus dhearbhaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go leathnófaí an limistéar i bhfianaise na ráige is deireanaí.

By custom, turkeys with bird flu are culled, and the farm is scrubbed and disinfected to prevent the spread of the disease.

De réir gnáis, díothaítear turcaithe a bhfuil an fliú éanúil ina measc, agus sciúrtar agus díghalraítear an fheirm féachaint le scaipeadh an ghalair a chosc.

In addition, birds are not allowed to be raised on the farm in question for approximately 30 days thereafter.

Ina theannta sin, ní bhíonn cead éin a thogáil ar an bhfeirm a bhíonn i gceist go ceann thart ar 30 lá ina dhiaidh sin.

Speaking in the Senate, Minister for Agriculture, Food and the Marine Charlie McConalogue said he is hopeful turkeys will not be in short supply by Christmas despite the latest news.

Ag labhairt dó sa Seanad, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue go bhfuil sé dóchasach nach mbeidh turcaithe gann faoi Nollaig ainneoin an scéil is deireanaí.

After all, he said, it’s only two farms and about 8,000 turkeys.

Tar éis an tsaoil, a dúirt sé, níl i gceist ach dhá fheirm agus thart ar 8,000 turcaí.

It is not a large amount in the context of the sector as a whole, he said.

Ní mór an méid é i gcomhthéacs na hearnála trí chéile, ar sé.

75% of the turkeys in this country are produced in Co. Monaghan and Co. Cavan.

Is i gCo Mhuineacháin agus i gCo an Chabháin a tháirgítear 75 faoin gcéad de thurcaithe na tíre seo.

Only the very rare case of bird flu being contracted by humans has ever been reported.

Níor tuairiscíodh riamh ach an fíor- chorrchás den fhliú éanúil a bheith tolgtha ag daonnaithe.

Leave a Reply