20221029_IRISH_ratai_uis_ardaithe_ag_an_mbanc_ceannais_eorpach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2cucxo5j

Contact: irishlingos@gmail.com

Interest rates raised by the European Central Bank.

Rátaí úis ardaithe ag an mBanc Ceannais Eorpach.

The European Central Bank has raised interest rates again today, as expected.

Tá rátaí úis ardaithe arís inniu ag an mBanc Ceannais Eorpach, mar a bhí súil leis.

This is an increase of 0.75%, which means that the basic interest rate is now 2%.

Ardú 0.75 faoin gcéad atá i gceist agus fágann sin gur 2 faoin gcéad atá sa bhunráta úis anois.

It was 0% not too long ago.

0 faoin gcéad a bhí ann ní rófhada ó shin.

It was decided to raise interest rates as part of an economic strategy to combat the current high rate of inflation.

Leagadh ar rátaí úis a ardú mar chuid de straitéis eacnamaíochta le dul i ngleic leis an ráta ard boilscithe atá ann faoi láthair.

The Central Bank is concerned that if things continue as they are there will not be an opportunity to free up consumer prices for a long time to come.

Tá imní ar an mBanc Ceannais má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá siad nach mbeidh ionú ann go gceann i bhfad eile praghsanna tomhaltóirí a shaoirsiú.

The annual inflation rate is currently 10%, which is five times the desired rate.

10 faoin gcéad atá sa ráta boilscithe bliantúil faoi láthair, sin cúig oiread an ráta inmhianaithe.

In theory, when interest rates are raised the demand for credit decreases; and when the demand for credit decreases the rate of inflation slows.

Go teoiriciúil, nuair a ardaítear rátaí úis laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas; agus nuair a laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas moillíonn an ráta boilscithe.

However, the situation is out of whack in the energy sector and it is assumed that the decision of the European Central Bank today will not have much impact on fuel prices.

Eang sa roth, áfach, is ea cúrsaí a bheith imithe as cailc san earnáil fuinnimh agus glactar leis nach n-imreoidh cinneadh an Bhainc Ceannais Eorpaigh inniu, nach n-imreoidh sé mórán tionchair ar phraghsanna breosla.

Today’s breaking news is not the end of the story, however, which is primarily bad news for mortgage holders.

Ní hé nuacht scéil an lae inniu deireadh an scéil, ámh, ar drochscéal é ar an gcéad dul síos do dhaoine a bhfuil morgáiste acu.

It has already been hinted that the Central Bank is looking at raising interest rates further before Christmas.

Tá leid tugtha cheana féin go bhfuil an Banc Ceannais ag breathnú ar rátaí úis a ardú tuilleadh roimh an Nollaig.

Leave a Reply