20240523_IRISH_eire_le_stat_na_palaistine_a_aithint_go_foirmiuil_on_28_bealtaine



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dqchb9x

Contact: irishlingos@gmail.com

Ireland to formally recognize the state of Palestine from 28 May.

Éire le stát na Palaistíne a aithint go foirmiúil ón 28 Bealtaine.

Taoiseach Simon Harris announced today that Ireland was to formally recognize Palestine as a state from 28 May.

D’fhógair an Taoiseach Simon Harris inniu go raibh Éire leis an bPalaistín a aithint go foirmiúil mar stát ón 28 Bealtaine.

Palestine includes the Palestinian territories of the West Bank and Gaza which have been separated from each other and dominated by Israel since 1967.

Cuimsíonn an Phalaistín críocha na bPalaistíneach sa Bhruach Thiar agus in Gaza atá dealaithe óna chéile agus a bhfuil forlámhas ag Iosrael orthu ó 1967.

Palestinian East Jerusalem has also been under Israeli control ever since.

Tá Iarúsailéim Thoir na bPalaistíneach faoi smacht na nIosraelach ó shin freisin.

The Taoiseach indicated that Ireland, Norway and Spain were together to recognize Palestine from next Tuesday and that the three countries would take whatever action was required to implement that decision.

Thug an Taoiseach le fios go raibh Éire, an Iorua agus an Spáinn in éineacht le aitheantas a thabhairt don Phalaistín ón Máirt seo chugainn agus go ndéanfadh na trí thír astu féin pé beart a theastódh leis an gcinneadh sin a chur i bhfeidhm.

He said he was hopeful that other countries would follow the example of the three countries in the coming weeks.

Dúirt sé go raibh sé dóchasach go leanfadh tíortha eile eiseamláir na dtrí thír sna seachtainí amach romhainn.

Simon Harris made the historic announcement this morning at Government Houses alongside two other Coalition leaders, Micheál Martin and Éamon Ryan.

Is ag Tithe an Rialtais in éindí le beirt cheannairí eile an Chomhrialtais, Micheál Martin agus Éamon Ryan, a rinne Simon Harris an fógra stairiúil ar maidin inniu.

With Irish history as his authority, the Taoiseach said that this is an important day for both Ireland and Palestine.

Agus stair na hÉireann mar údarás aige, dúirt an Taoiseach gur lá tábhachtach é seo d’Éirinn agus don Phalaistín araon.

On 21 January 1919, he said, Ireland asked the countries of the world to formally recognize our independence, our national identity, our historical struggle (against slavery), our right to self-determination and our right to justice.

Ar an 21 Eanáir 1919, arsa sé, d’iarr Éire ar thíortha an domhain aitheantas foirimiúil a thabhairt dár neamhspleáchasna, dár bhféiniúlacht náisiúnta, dár gcomhrac stairiúil (in aghaidh na daoirse), dár gceart chun féinchinntiúcháin agus dár gceart chun ceartais.

It is in those same terms, said the Taoiseach, that Ireland is supporting Palestine’s application for international recognition.

Is sna téarmaí céanna sin, a dúirt an Taoiseach, atá Éire ag tacú le hiarratas na Palaistíne ar aitheantas idirnáisiúnta.

Simon Harris said that Ireland also recognizes the state of Israel and he again condemned “the barbaric acts committed by Hamas in October (last)”.

Dúirt Simon Harris go n-aithníonn Éire stát Iosrael chomh maith agus cháin sé arís “na gníomhartha barbartha a rinne Hamas i mí Dheireadh Fómhair (seo caite)”.

However, he said, Hamas is not the same as the Palestinian people and said that both states must exist – Israel and Palestine – in order for there to be any hope of ending the intergenerational violence.

Ar a shon sin, arsa sé, ní hionann Hamas agus muintir na Palaistíne agus dúirt go gcaithfeadh an dá stát a bheith ann – Iosrael agus an Phalaistín – le go mbeadh aon dóchas ann go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean idirghlúineach.

He said that Ireland would stand with people who are willing to resort to politics for the love of peace.

Dúirt sé go seasfadh Éire le daoine atá toilteanach dul i muinín na polaitíochta de ghrá na síochána.

Giving hope to Palestine in this time of despair, that is the basis of today’s announcement, said the Taoiseach.

Dóchas a thabhairt don Phalaistín in am seo an éadóchais, sin é is bun le fógra an lae inniu, arsa an Taoiseach.

Shortly before the Taoiseach made the announcement, the Government of Israel recalled the country’s ambassador to Ireland in protest against the decision to recognize Palestine.

Go gairid sula ndearna an Taoiseach an fógra, d’aisghair Rialtas Iosrael ambasadóir na tíre in Éirinn mar agóid in aghaidh an chinnidh aitheantas a thabhairt don Phalaistín.

The Israelis say the decision will embolden extremists and fuel unrest in the Middle East.

Deir na hIosraelaigh go dtabharfaidh an cinneadh misneach d’antoiscigh agus go gcuirfidh sé leis an gcorraíl sa Mheánoirthear.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply