20220621_IRISH_suil_le_dlus_faoi_ionradh_na_ruise_ar_an_ucrain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/24jypl5j

Contact: irishlingos@gmail.com

Expect acceleration under Russian invasion of Ukraine.

Súil le dlús faoi ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Ukrainian President Zelensky has said that he expects the Russian invasion to intensify, given the progress made by Ukraine in achieving membership of the European Union.

Tá sé ráite ag Uachtarán Zelensky na hÚcráine go bhfuil sé ag súil go dtiocfaidh dlús faoi ionradh na Rúise, i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin ó thaobh ballraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach.

Russia has today taken control of a town of strategic importance in eastern Ukraine.

Tá smacht glactha inniu ag an Rúis ar bhaile a bhfuil tábhacht stráitéiseach ag baint leis in oirthear na hÚcráine.

Meanwhile, the most senior diplomat in the European Union has said today that Russia ‘s blockade of food exports from Ukraine is a “war crime”.

Idir an dá linn, tá sé ráite ag an taidhleoir is sinsearaí san Aontas Eorpach inniu gur “coir cogaidh” é an bac atá curtha ag an Rúis ar easportáil bia ón Úcráin.

Josep Borrel is the European Union Representative for Foreign Affairs and Security Policy.

Is é Josep Borrel Ionadaí an Aontais Eorpaigh ar Ghnóthai Eachtracha agus ar Pholasaí Slándála.

He urged Russia today to release the ships stranded in Ukrainian ports, in order to export the grain on board worldwide.

D’impigh sé ar an Rúis inniu na longa atá sáinnithe i gcalafoirt na hÚcráine a scaoileadh saor, chun an an grán atá ar bord acu a easportáil ar fud an domhain.

He said Russia’s obstruction of the export of food supplies from Ukraine is a serious war crime, especially in the face of millions around the world who are hungry.

Dúirt sé gur coir thromchúiseach cogaidh é an bac atá curtha ag an Rúis ar easportáil soláthairtí bia ón hÚcráin, go háirithe i bhfianaise na milliún ar fud an domhain a bhfuil ocras orthu.

And if what NATO Secretary General Jens Stoltenberg said today is true – that this war could continue for years to come – it would be a very serious story for developing countries, or those in food shortages. before.

Agus más fíor don mhéid a dúirt Ard-Rúnaí NATO, Jens Stoltenberg, inniu – go bhféadfadh an cogadh seo leanúint ar aghaidh go ceann blianta – scéal fíorthromchúiseach a bheadh ann do na tíortha atá i mbéal forbartha, nó a bhfuil ganntanas bia i gceist iontu cheana féin.

Meanwhile, Ukrainian President Zelensky has said that he expects Russian forces to step up their invasion now, given the progress made by Kiev in gaining membership in the European Union.

Idir an dá linn, tá sé ráite ag Uachtarán Zelensky na hÚcráine go bhfuil sé ag súil go gcuirfidh fórsaí na Rúise dlús faoina n-ionradh anois, i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ag Cív ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach.

It was announced on Friday that candidate status has been approved for Ukraine.

Fógraíodh dé hAoine go bhfuil stádas iarrthóra ceadaithe don Úcráin.

It is another sign for Russia that Ukraine is moving towards Europe.

Léiriú eile atá ann don Rúis go bhfuil an Úcráin ag bogadh i dtreo na hEorpa.

And Russia today attacked with fierce attacks on a town called Toshkivka, which is south of Sievierodonetsk.

Agus d’fheagair An Rúis inniu le hionsaithe fíochmhara ar bhaile darb ainm dó Toshkivka, atá ó dheas ó Sievierodonetsk.

Toshkivka is strategically important, as it has been under Ukrainian control, in the Donbas region, which has been under heavy siege for over a month.

Tá Toshkivka tábhachtach ó thaobh straitéise de, mar bhí sé faoi smacht na hÚcráine, i réigiun an Donbas, atá go mór faoi léigear le breis agus mí anuas.

Leave a Reply