20220529_IRISH_an_ucrain:_mol_cinniunach_riarachain_i_mbaol,_mariupol_a_ruisiu



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2mkfzey4
Contact: irishlingos@gmail.com

Ukraine: decisive administrative hub endangered, Mariupol being ravaged.

An Úcráin: mol cinniúnach riaracháin i mbaol, Mariupol á rúisiú.

It is reported again today that the wheels of war are turning in the opposite direction of the defenders in eastern Ukraine and that Russian forces are now drawing narrowly to some major towns in that region.

Tuairiscítear arís inniu go bhfuil rothaí an chogaidh ag casadh tuathail ar na cosantóirí in oirthear na hÚcráine agus go bhfuil fórsaí Rúiseacha ag tarraingt caol díreach anois ar roinnt bailte móra sa réigiún sin.

The Russians are currently targeting the cities of Severodonetsk and Lysychansk as both are located on the road to the city of Kramatorsk, a critical administrative hub in Donetsk Oblast.

Is ag díriú ar chathracha Severodonetsk agus Lysychansk atá na Rúisigh faoi láthair ó tá an dá áit sin suite ar an mbóthar go cathair Kramatorsk ar mol cinniúnach riaracháin í in Oblast Donetsk.

Paramilitary forces loyal to Russia claim to be pushing forward and have now taken possession of the Lyman town between Severodonetsk and Lysychansk.

Tá sé á mhaíomh ag fórsaí paraimíleata atá dílis don Rúis go bhfuil siad ag brú chun cinn agus go bhfuil seilbh gafa acu anois ar bhaile Lyman idir Severodonetsk agus Lysychansk.

The reports from the forefront of the battle are a matter of concern to the Government of Ukraine.

Damhna scíse do Rialtas na hÚcráine na tuairiscí ó bhrollach an chatha.

Foreign Minister Dmytro Kuleba has accused Western countries of dragging their arms over Ukraine and urged them not to delay further.

Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha Dmytro Kuleba i leith thíortha an Iarthair go bhfuil siad ag tarraingt na gcos maidir le hairm a chur ar fáil don Úcráin agus d’achaingh sé orthu gan a thuilleadh moille a dhéanamh.

It is believed that the Russians intend to consolidate Ukraine and seize a firm grip on the east and south of the country in the first instance.

Meastar go bhfuil sé ar intinn ag na Rúisigh an Úcráin a dhluí agus greim docht a fháil ar oirthear agus ar dheisceart na tíre ar an gcéad ásc.

It is assumed that they will not take peace talks seriously or achieve that goal, if they do and if they do.

Tuairimítear nach rachaidh siad i mbun cainteanna síochána go dáiríre nó go mbainfidh siad an cuspóir sin amach, má théann agus má bhaineann.

As with southern Ukraine, the Russians are in no hurry to seize their current dominance over the city of Mariupol – or what remains of it.

Mar le deisceart na hÚcráine de, níl na Rúisigh ag déanamh aon mhoill an forlámhas atá acu anois ar chathair Mariupol – nó ar a bhfuil fanta di – a chur i gcion.

Ukrainian soldiers defending the city were forced to abandon the stains and favors of the invaders and it seems that they are already assertively insulting the place.

B’éigean do shaighdiúirí Úcránacha a bhí ag cosaint na cathrach an ruaim is an fhabhair a fhágáil ag na hionróirí agus dealraíonn sé go bhfuil an áit á rúisiú go teanntásach mínáireach acu cheana féin.

It is reported that the people of the city are being forced to take Russian citizenship and that the school curriculum itself is to be cluttered out of space.

Tuairiscítear go bhfuil iachall á chur ar mhuintir na cathrach saoránacht na Rúise a ghlacadh agus go bhfuil an curaclam scoile féin le rúisiú gan spás.

Food shortages are one of the causes of the war.

Ganntanas bia ceann de dheascaí an chogaidh.

The Russians claim that Western countries are to blame for this because they are blocking the departure of cereal-laden ships from ports such as Mariupol.

Maíonn na Rúisigh gur ar thíortha an Iarthar atá an milleán faoi sin de bhrí go bhfuil siad ag cur bac ar longa lán arbhair imeacht as calafoirt ar nós Mariupol.

Western countries do not accept this allegation and blame the Russians for withholding food.

Níl aon ghlacadh ag tíortha an Iarthair leis an líomhain sin agus milleánaíonn siadsan na Rúisigh faoi bhia-ábhar a choinneáil siar.

Three Severodonetsk women deported, 25 May 2022

Triúr ban as Severodonetsk á dtabhairt as an ngábh, 25 Bealtaine 2022

Leave a Reply