20220426_IRISH_sos_comhraic_fograithe_ag_an_ruis_i_mariupol



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y6d8zpm2
Contact: irishlingos@gmail.com

Russia announces ceasefire in Mariupol.

Sos comhraic fógraithe ag an Rúis i Mariupol.

Russia’s defense ministry has announced a ceasefire with the Azovstal steel plant in Mariupol.

Tá aireacht chosanta na Rúise i ndiaidh sos comhraic a fhógairt lámh le monarcha cruaigh Azovstal i Mariupol.

The Russians say this will allow citizens who have been trapped there for some time to be evacuated.

Deir na Rúisigh go dtabharfaidh sé seo deis saoránaigh atá sáinnithe ansin ag an gcogaíocht le tamall,a aslonnú.

They say this has been in place since 1400 Russian time (Irish noon) today.

Deir siad go bhfuil sé seo i bhfeidhm ó 1400 am na Rúise (Meánlae am na hÉireann) inniu.

The Russians claim that they now have complete control of Mariupol with the exception of this Azovstal stretch in the port area.

Tá na Rúisigh ag maíomh go bhfuil smacht iomlán acu anois ar Mariupol cés móite den stráice seo in Azovstal i gceantar an chalafoirt.

Ukrainian soldiers are strongly defending this place, and it is reported that there are citizens inside with them.

Tá saighdiúirí na hÚcráine ag cosaint na háite seo go láidir, agus tuairiscítear go bhfuil saoránaigh istigh ann ina dteannta.

Leave a Reply