20220417_IRISH_gardai_ag_fiosru_bas_fir_i_luimneach_areir



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y5hhx9ty
Contact: irishlingos@gmail.com

Gardaí investigating the death of a man in Limerick last night.

Gardaí ag fiosrú bás fir i Luimneach aréir.

Gardaí are investigating the death of a man killed in last night’s attack in Limerick city.

Tá na gardaí ag fiosrú bás fir a maraíodh de bharr an ionsaí a rinneadh air i gcathair Luimnigh aréir.

A man in his forties was found seriously injured on Parnell Street near Colbert Railway Station.

Fear sna daicheadaí atá i gceist agus thángthas air agus é gortaithe go dona ar Shráid Parnell lámh le Stáisiún Traenach Colbert.

He was taken to the University Hospital of Limerick and died shortly afterwards.

Tugadh chuig Ospidéal Ollscoil Luimnigh é agus bhásaigh sé go gairid ina dhiaidh sin.

The man will be examined post-mortem later.

Cuirfear scrúdú iarbháis ar an bhfear níos deireanaí.

The site of the attack is currently closed for technical examination.

Tá láthair an ionsaithe dúnta faoi láthair le go ndéanfar scrúdú teicniúil air.

His guards want anyone on Parnell Street, Lord Edward Street or Davis Street in the city between 2200 and 2240 to contact them.

Teastaíonn óna gardaí go ndéanfadh aon duine a bhí ar Shráid Parnell, Sráid an Tiarna Edward nó Sráid Davis sa chathair idir a 2200 agus 2240 teagmháil leo.

This can be done by calling any garda station, Garda Secret Line 1800666111 or Roxboro Street Garda Station 061214340.

Is féidir sin a dhéanamh ach glaoch ar aon stáisiún gardaí, Líne Rúnda an Gharda Síochána 1800666111 nó Stáisiún na nGardaí ar Shráid Roxboro 061214340.

Leave a Reply