20220414_IRISH_yousef_palani_cuisithe_i_ndunmharu_aidan_moffitt_&_michael_snee



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y3sh25vo

Yousef Palani charged with the murder of Aidan Moffitt

Yousef Palani cúisithe i ndúnmharú Aidan Moffitt & Michael Snee.

A 22-year-old man has been charged in Sligo with the murders of Aidan Moffitt and Michael Snee in that town this week.

Tá fear 22 bliain d’aois cúisithe i Sligeach maidir le dúnmharú Aidan Moffitt agus Michael Snee ar an mbaile sin an tseachtain seo.

Yousef Palani was given a home address at Markievicz Heights before the local district court in Sligo this afternoon.

Tugadh Yousef Palani le seoladh baile ag Arda Markievicz os comhair na cúirte dúiche áitiúil i Sligeach tráthnóna inniu.

He was charged with the murder of 41-year-old Aidan Moffitt on April 10 at his residence in Cartoon Heights in Sligo and was also charged with the murder of 58-year-old Michael Snee on April 12 at a residence in Radharc City in Sligo.

Cúisíodh é i ndúnmharú Aidan Moffitt, 41 bliain d’aois ar an 10ú Aibreáin ag a theach cónaithe in Arda an Chartúin i Sligeach agus cúisíodh é chomh maith i ndúnmharú Michael Snee, 58 bliain d’aois ar an 12ú Aibreáin ag theach cónaithe i Radharc na Cathrach i Sligeach.

Yousef Palani has been charged with another count of assault causing bodily harm in connection with another incident which took place in Sligo on April 9th.

Tá cúis eile curtha i leith Yousef Palani maidir le hionsaí is trúig dhíobhála choirp a bhaineann le heachtra eile a tharla i Sligeach ar an 9ú Aibreáin.

Yousef Palani was taken from the Garda Station to the nearby courthouse in a Garda van and several people gathered on the way between the two buildings.

Tugadh Yousef Palani ó Stáisiúin na nGardaí go dtí teach na cúirte in aice láimhe i veain de chuid na nGardaí agus roinnt daoine bailithe le chéile ar an mbealach idir an dá fhoirgneamh.

Yousef Palani was remanded in custody.

Cuireadh Yousef Palani siar faoi choinneáil.

Yousef Palani was arrested early yesterday morning and questioned by detectives at Sligo Garda Station yesterday and again today.

Gabhadh Yousef Palani go luath ar maidin inné agus cheistigh bleachtairí é ag Stáisiún na nGardaí i Sligeach inné agus arís inniu.

When the questioning period was over, the Gardaí charged the man.

Nuair a bhí an tréimhse cheistiúcháin thart, rinne na Gardaí an fear a chúisiú.

The bodies of 42-year-old Aidan Moffit and 58-year-old Michael Snee were found at various locations in the town on Monday and Tuesday this week.

Fuarthas corp Aidan Moffit a bhí 42 bliain d’aois agus Michael Snee a bhí 58 bliain d’aois ag láithreacha difriúla ar an mbaile Dé Luain agus Dé Máirt na seachtaine seo.

Both sites were still preserved by the Gardaí today.

Bhí an dá láthair fós caomhnaithe ag na Gardaí inniu.

Both men suffered serious injuries and Gardaí are investigating whether they may have met their attacker online.

Bhain gortaithe tromchúiseacha don mbeirt fhear agus tá Gardaí ag fiosrú an bhfuil seans ann gur bhuail siad lena n- ionsaitheoir ar líne.

They are also investigating whether hate crimes were involved in the murders.

Tá siad ag fiosrú chomh maith an raibh baint ag coireanna fuatha leis na dúnmharaithe.

Michael Snee’s body was taken from his residence in the Cityview estate to Sligo University Hospital yesterday for post – mortem examination.

Tugadh corp Mhichael Snee óna theach cónaithe in eastát Radharc na Cathrach go hOspidéal Ollscoile Shligigh inné chun go ndéanfaí scrúdú iarbháis air.

Michael Snee was born and raised in Sligo.

Rugadh agus tógadh Michael Snee i Sligeach.

His body was found in his home Tuesday afternoon.

Aimsíodh a chorp ina theach tráthnóna Dé Máirt.

Neighbors next to Michael Snee on the Connacht road say that he was well respected and well known.

Deir comharsana béal dorais le Michael Snee ar bhóthar Uí Chonnachtáin go raibh ardmheas agus aithne mhaith air.

On Monday evening, the body of another man in Sligo, the body of Aidan Moffitt, was found.

Tráthnóna Dé Luain, fuarthas corp fhear eile i Sligeach, corp Aidan Moffitt.

Aidan Moffitt ‘s body was victimized at his residence in Cartoon Heights.

Rinneadh íospairt ar chorp Aidan Moffitt ina theach cónaithe in Arda an Chartúin.

Yesterday Chief Superintendent Aidan Glackin of Sligo Town Garda Station said they were investigating whether the murders were linked to hate crimes.

Inné dúirt an Príomh-cheannfort Aidan Glackin ó Stáisiún Ghardaí Bhaile Shligigh go bhfuil fiosrúchán ar bun acu maidir le an raibh baint ag na dúnmharaithe le coireanna fuatha.

He also said they wanted to know if the two men who were murdered in the town met the man who attacked them online.

Dúirt sé chomh maith go raibh siad ag iarraidh a fháil amach ar bhuail an bheirt fhear a dúnmharaíodh ar an mbaile leis an té a d’ionsaigh iad ar líne.

Gardaí say they are open-minded in their investigation into the murder of the pair.

Deir na Gardaí go bhfuil a n-intinn oscailte ina bhfhiosruchán faoi dhúnmharú na beirte.

They are examining all possibilities and also investigating whether they are linked to another recent incident in the Sligo area.

Tá siad ag scrúdú gach féidearthacht agus ag fiosrú chomh maith an bhfuil ceangal acu le h-eachtra eile a tharla i gceantar Shligigh le déanaí.

They are asking people who have had unwanted or offended contact with someone or who have been the victim of any form of assault to call the Gardaí in Sligo.

Tá siad ag iarraidh ar dhaoine a raibh teagmháil nár thaitin leo nó a ghoill orthu acu le duine nó a d’fhulaing ionsaí d’aon chineál, glaoch ar na Gardaí i Sligeach.

Leave a Reply