20220331_IRISH_leictreachas_eireann_le_tailli_fuinnimh_a_ardu_o_la_bealtaine



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ybnhhzrt
Contact: irishlingos@gmail.com

Electricity Ireland to increase energy charges from May Day.

Leictreachas Éireann le táillí fuinnimh a ardú ó Lá Bealtaine.

It was announced today that the energy company Electricity Ireland is to increase charges from 1 May.

Fógraíodh inniu go bhfuil an comhlacht fuinnimh Leictreachas Éireann le táillí a ardú ón 1 Bealtaine.

There will be a 24.8% increase in gas charges and a 23.4% increase in electricity charges, it said.

Ardú 24.8 faoin gcéad ar tháillí gáis agus ardú 23.4 faoin gcéad ar tháillí leictreachais a bheas i gceist, a dúradh.

The company considers this to be an increase of € 18.35 per month on the standard gas bill and an increase of € 24.80 per month on the standard electricity bill.

Dar leis an gcomhlacht gurb ionann sin agus ardú €18.35 sa mhí ar an ngnáthbhille gáis agus ardú €24.80 sa mhí ar an ngnáthbhille leictreachais.

Marguerite Sayers, the company’s executive director, said she is acutely aware that these significant increases in energy charges will cause distress to households across the country.

Dúirt Marguerite Sayers, stiúrthóir feidhmiúcháin an chomhlachta, go dtuigeann sí go rímhaith go gcuirfidh na harduithe suntasacha seo ar tháillí fuinnimh, go gcurfidh siad anró ar theaghlaigh ar fud na tíre.

On the contrary, and unfortunately, she said, Electricity Ireland cannot fail to increase the charges to the public in return for the increase in wholesale charges over the past year.

Os a choinne sin, agus ar an drochuair, a dúirt sí, ní féidir le Leictreachas Éireann gan na táillí a ghearrtar ar an bpobal a ardú in éiric ar an ardú atá tagtha ar tháillí mórdhíola le bliain.

She indicated that the company had held back the increase for as long as possible in the hope that wholesale charges would fall again but that this had not happened and was unlikely to happen any time soon.

Thug sí le fios gur choinningh an comhlacht siar an t-ardú chomh fada agus ab fhéidir leo le súil go n-ísleodh táillí mórdhíola arís ach nár tharla sin agus nach dóichí go dtarlóidh go luath.

The decision announced by Electricity Ireland today since the company Energia announced last week that it is to increase charges by 15% from 25 April is not surprising.

Ní údar iontais é an cinneadh a d’fhógair Leictreachas Éireann inniu ó thug an comhlacht Energia le fios an tseachtain seo caite go bhfuil siadsan le táillí a ardú 15 faoin gcéad ón 25 Aibreán.

Two weeks ago, Bord Gáis confirmed its intention to increase its fees from 15 April.

Dhearbhaigh Bord Gáis coicís ó shin go bhfuil siad féin lena gcuid táillí a ardú ón 15 Aibreán.

That company’s an increase of 39% on a standard gas bill and a 27% increase on a standard electricity bill.

Ardú 39 faoin gcéad ar ghnáthbhille gáis agus ardú 27 faoin gcéad ar ghnáthbhille leictreachais a bheas i gceist i gcás an chomhlachta sin.

Leave a Reply