20220330_IRISH_oibriochtai_mileata_le_maolu_ag_ruisigh_in_aiteanna_san_ucrain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y72he4jf
Contact: irishlingos@gmail.com

“Military operations to be eased by Russians in parts of Ukraine”.

“Oibríochtaí míleata le maolú ag Rúisigh in áiteanna san Úcráin”.

Russian representatives today promised that Russian forces would slow down their military operations around the Ukrainian capital, Kiev, and other northern parts of the country, to allow peace talks to progress.

Gheall ionadaithe na Rúise inniu go maolódh fórsaí Rúiseacha a gcuid oibríochtaí míleata thart ar phríomhchathair na hÚcráine, Cív, agus i mbaill eile de thuaisceart na tíre sin, le deis a thabhairt dul chun cinn a dhéanamh i gcainteanna síochána.

The promise was given in the ongoing peace talks in Istanbul, Turkey.

Tugadh an gealltanas sna cainteanna síochána atá ar siúl in Iostanbúl sa Tuirc.

However, other areas in Ukraine that are still under intense fighting have not been mentioned, such as Mariupol in the southeast, Sumy and Kharkiv in the east and Kherson and Mykolaiv in the south.

Níor luadh limistéir eile san Úcráin a bhfuil dianchogaíocht ar siúl iontu i gcónaí, áfach, leithéidí Mariupol san oirdheisceart, Sumy agus Kharkiv san oirthear agus Kherson agus Mykolaiv sa deisceart.

Indeed, some analysts believe that the Russians have promised to slow down their operations in areas they have already lost control of.

Go deimhin, tá anailísithe áirithe den bharúil gur i gceantair a bhfuil smacht caillte acu orthu cheana féin a gheall na Rúisigh a gcuid oibríochtaí a mhaolú.

The Ukrainian representatives promised, for their part, that they would be willing to accept the country’s neutrality and that they would never join a military alliance.

Gheall ionadaithe na hÚcráine, óna dtaobh siúd de, go mbeidís sásta glacadh le neodracht na tíre agus nach rachaidís i bpáirt go brách le comhghuaillíocht mhíleata.

However, in return for neutrality, other countries would sponsor Ukraine’s security.

Mar sin féin, in éiric ar an neodracht, rachadh tíortha eile in urrraíocht ar shlándáil na hÚcráine.

The peace talks in Istanbul today also praised the long – standing status of the Donbass region.

Moladh sna cainteanna síochána in Iostanbúl inniu chomh maith an stádas a bheadh ag réigiún an Donbass i bhfad na haimsire a chaibidil.

Much of that region is controlled by paramilitary separatists loyal to Russia.

Tá cuid mhór den réigiún sin faoina smacht ag scarúnaithe paraimíleata atá dílis don Rúis.

In addition, the complex issue of Crimea’s status and future was discussed.

Ina cheann sin, pléadh ceist aimhréidh stádas na Crimé agus a bhfuil i ndán dise.

The Ukrainians have called for a referendum to be held in their own country on any peace agreement and the Russians have stated that they will submit all the proposals discussed in Istanbul to their president Vladimir Putin.

Thug na hÚcránaigh le fios go gcaithfí reifreann a reáchtáil ina dtír féin ar aon chomhaontú síochána agus mhaígh na Rúisigh go gcuirfidís na moltaí ar fad a pléadh in Iostanbúl faoi bhráid a n-uachtaráin Vladimir Putin.

Leave a Reply