20211223_IRISH_an_file_thomas_kinsella_ar_shli_na_firinne



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y232jdsn

The poet Thomas Kinsella in the way of truth.

An file Thomas Kinsella ar shlí na fírinne.

Well-known poet Thomas Kinsella has died.

Tá an file mór le rá Thomas Kinsella tar éis bháis.

He was 93 years old.

Bhí sé 93 bliain d’aois.

Thomas Kinsella was born in Inchicore, Dublin in 1928.

In Inse Chór i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 a rugadh Thomas Kinsella.

He completed a science degree at University College Dublin, where he served as a civil servant before studying studies and writing full-time.

Rinne sé céim eolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus chaith sé seal ina státseirbhíseach sular thug sé faoin léann agus faoin scríbhneoireacht go lánaimseartha.

He was a poet in residence at the University of Illinois in the United States and was later appointed Professor of English at Temple University, Philadelphia.

Bhí sé ina fhile cónaitheach in Ollscoil Illinois sna Stáit Aontaithe agus ina dhiaidh sin ceapadh in Ollamh Béarla é in Ollscoil Temple, Philadelphia.

His English version of Táin Bó Cúailnge, published in 1969 and featuring similar illustrations by the artist Louis le Brocquy, is well known.

Tá cáil ar a leagan Béarla de Táin Bó Cúailnge a foilsíodh i 1969 agus a bhfuil léaráidí cuidsúlacha leis an ealaíontóir Louis le Brocquy ina gcomhchuid de.

Thomas Kinsella wrote the poem Butcher’s Dozen after Bloody Sunday in Derry in 1972.

Scríobh Thomas Kinsella an dán Butcher’s Dozen tar éis Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972.

In addition to the excerpt itself, it was Widgery’s report that inspired him to express his anger in the poem.

Chomh maith leis an sléacht féin, ba é tuarascáil Widgery a spreag é lena chuid feirge a chur in iúl sa dán.

He called that report a “major insult”.

“Mórmhasla” a thug sé ar an tuarascáil sin.

In 1981, An Duanaire 1600-1900: Poems of the Dispossessed was published, a collection he and Seán Ó Tuama edited and which is still in demand.

I 1981, foilsíodh An Duanaire 1600-1900: Poems of the Dispossessed, cnuasach a chuir sé féin agus Seán Ó Tuama in eagar agus a bhfuil ráchairt air i gcónaí.

He completed his English version of The Court of Midnight in The New Oxford Book of Irish Verse in 1986, another combination which he edited.

Chuir sé bailchríoch ar a leagan Béarla de Chúirt an Mheán Oíche in The New Oxford Book of Irish Verse i 1986, teaglaim eile a chuir sé in eagar.

The Leaving Certificate course has been part of its own poems for many years.

Bhí cuid dá dhuanta féin ar chúrsa na hArdteistiméireachta ar feadh na mblianta.

Thomas Kinsella was honored by the wizard during his lifetime, including honorary doctorates and the Freedom of Dublin in 2007.

Bronnadh an draoi gradam ar Thomas Kinsella i rith a mharthana, dochtúireachtaí oinigh agus Saoirse Bhaile Átha Cliath in 2007 ina measc.

Irish President Michael D Higgins extends his condolences to the family and relatives of the Chief.

Tá comhbhrón déanta ag Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins le muintir agus gaolta an Chinnsealaigh.

Arts Minister Catherine Martin said he was saddened by his death and one of Ireland’s great poets.

Dúirt an tAire Ealaíon Catherine Martin gur méala a bhás agus gur dhuine de mhórfhílí na hÉireann a bhí ann.

The flags will be raised at the Mansion House and City Hall in Dublin in the middle of a tree in honor of Thomas Kinsella.

Cuirfear na bratacha ag Teach an Ardmhéara agus ag Halla na Cathrach i mBaile Atha Cliath i lár crainn in ómós Thomas Kinsella.

He was preceded in death by his wife Eleanor and is survived by their three grandchildren.

D’éag a bhean chéile Eleanor roimhe agus maireann a dtriúr clainne agus a gclann siúd.

Thomas Kinsella

Thomas Kinsella

Leave a Reply