20210930_IRISH_fear_ciontaithe_i_ndunmharu_a_mhna_ceile_i_mbaile_atha_cliath



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yjrp2hpv

Man convicted of murdering his wife in Dublin.

Fear ciontaithe i ndúnmharú a mhná céile i mBaile Átha Cliath.

In the Central Criminal Court, a 39-year-old man was convicted of the murder of his wife in Dublin four years ago.

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh fear 39 bliain d’aois i ndúnmharú a mhná céile i mBaile Átha Cliath ceithre bliana ó shin.

Renato Gehlen, a native of Brazil, pleaded not guilty to the murder of Anne Colomines, 37, of French descent.

Phleádáil Renato Gehlen, as an mBrasaíl ó dhúchas, neamhchiontach i ndúnmharú Anne Colomines, 37 bliain, ar de bhunadh na Fraince í.

The woman was stabbed and killed in Dorset Square, Upper Gardiner Street, on October 25, 2017.

Sádh agus maraíodh an bhean i gCearnóg Dorset, Sráid Ghairdinéir Uachtarach, ar an 25 Deireadh Fómhair 2017.

Renato Gehlen claimed that Anne Colomines stabbed herself but the jury did not accept that story.

Mhaígh Renato Gehlen gur sháigh Anne Colomines í féin ach ní raibh glacadh ag an ngiúiré leis an scéal sin.

The jurors unanimously convicted him.

D’aon ghuth a chiontaigh na giúróirí é.

The trial stated that the two met while working for Paypal in Dublin and married in October 2012.

Dúradh sa triail gur chas an bheirt ar a chéile nuair a bhí siad go obair do chomhlacht Paypal i mBaile Átha Cliath agus gur phós siad i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2012.

Several months before she was killed, however, Anne Colomines told her husband that she wanted a divorce from him.

Roinnt míonna sular maraíodh í, áfach, dúirt Anne Colomines lena fear céile go raibh sí ag iarraidh colscaradh uaidh.

He later found out that she had another lover in France.

Fuair sé amach ina dhiaidh sin go raibh leannán eile aici sa Fhrainc.

The trial stated that she and the man had sent each other 296 text messages the night she was killed.

Dúradh sa triail gur chuir sí féin agus an fear úd 296 teachtaireacht téacs chuig a chéile an oíche a maraíodh í.

Anne Colomines stabbed four times and cut her hands while defending herself.

Sádh Anne Colomines ceithre huaire agus gearradh a lámha nuair a bhí sí á cosaint féin.

Renato Gehlen will be sentenced to life in prison as mandated by law when he comes before the court again next month.

Gearrfar príosún saoil ar Renato Gehlen de réir mar atá sainordaithe sa dlí nuair a thiocfas sé os comhair na cúirte arís an mhí seo chugainn.

Leave a Reply