20210929_IRISH_tearmann_in_eirinn_le_tabhairt_do_500_duine_eile_on_afganastain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yebyur8n

Asylum in Ireland to be given to another 500 people from Afghanistan.

Tearmann in Éirinn le tabhairt do 500 duine eile ón Afganastáin.

The Government is to provide asylum to another 500 people from Afghanistan, who already have relatives living in Ireland.

Tá an Rialtas le tearmann a thabhairt do thart ar 500 duine eile ón Afganastáin, daoine a bhfuil gaolta leo ina gcónaí in Éirinn cheana féin.

Justice Minister Heather Humphreys said the new scheme is for people currently at risk in Afghanistan and for people who have fled that country and are settling in neighboring countries.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Heather Humphreys go mbaineann an scéim nua le daoine atá i mbaol san Afganastáin faoi láthair agus le daoine a theith ón tír sin agus atá ag cur fúthu i dtíortha comharsanachta.

670 people from Afghanistan have been granted asylum in this country so far this year.

Tá tearmann tugtha sa tír seo do 670 duine ón Afganastáin go dtí seo i mbliana.

Minister Humphreys stated that the Government has been very sympathetic to the Afghan people since the Taliban came to power there again last month.

Mhaígh an tAire Humphreys go bhfuil an-bhá ag an Rialtas le muintir na hAfganastáine ó tháinig an Talaban i réim ansin arís an mhí seo caite.

She also indicated that more Afghans will still be allowed to come to Ireland in a few months’ time under schemes already in place.

Thug sí le fios freisin go mbeidh cead ag tuilleadh Afgánach fós teacht go hÉirinn as seo go ceann roinnt míonna faoi scéimeanna atá i bhfeidhm cheana féin.

All of these refugees will be allowed to stay in Ireland for up to two years after which they can apply for permanent residence status.

Beidh cead ag na teifigh seo ar fad fanacht in Éirinn ar feadh suas le dhá bhliain agus féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar stádas cónaithe buan ina dhiaidh sin.

Minister Roderic O’Gorman said the refugees will not be placed in direct supply centers when they arrive in Ireland.

Dúirt an tAire Roderic O’Gorman nach gcuirfear na teifigh in ionaid soláthair dhírigh nuair a thagann siad go hÉirinn.

Leave a Reply