20210730_IRISH_toiceo_2020:_bonn_oir_buaite_ag_paul_o’donovan,_fintan_mccarthy



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yfd52aab

Tokyo 2020: Gold medal won by Paul O’Donovan, Fintan McCarthy.

Tóiceo 2020: Bonn óir buaite ag Paul O’Donovan, Fintan McCarthy.

Irish rowers Paul O’Donovan and Fintan McCarthy have won an Olympic gold medal in the doubles paddling tournament in Tokyo.

Tá bonn óir Oilimpeach buaite ag rámhaithe na hÉireann Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy sa chomórtas céaslaire beirte i dTóiceo.

Although the Cork duo were the popular choice before the race, they did not hold fast to the gold medal, and the German team stretched to the finish.

Cé gur rogha na coitiantachta a bhí sa dís Chorcaíoch roimh an rás ní raibh daingean acu leis an mbonn óir, agus bhí foireann na Gearmáine sínte leo go dtí an deireadh.

The Italians came in third.

Is iad na hIodálaigh a tháinig sa tríú háit.

It took the two men from Skibbereen six minutes, six seconds to finish the race.

Sé nóiméad, sé shoicind a thóg sé ar an mbeirt fhear as an Sciobairín an rás a chríochnú.

That’s 0.86 seconds ahead of the Germans, a little over halfway.

Sin 0.86 soicind chun cinn ar na Gearmánaigh, beagán níos mó ná leathfhad.

This is the second medal the Irish rowers have won at the Olympic Games in Tokyo to date after the women’s team won a bronze medal in the quarter-finals last night.

Seo an dara bonn atá buaite ag rámhaithe na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo go dtí seo tar éis d’fhoireann na mban bonn cré-umha a bhuachan i gcraobh na gceathrar arú aréir.

Speaking to RTÉ after the race, Paul O’Donovan stated that the duo followed the normal course of business during the race.

Ag labhairt dó le RTÉ i ndiaidh an ráis, thug Paul O’Donovan le fios gur chloígh an dís leis an modh oibre a bhíonn acu de ghnáth le linn an ráis.

He said they expected fierce competition from German and Italian rowers but always had confidence in themselves.

Dúirt sé go raibh siad ag súil le géariomaíocht ó iomróirí na Gearmáine agus na hIodáile ach go raibh muinín acu astu féin i gcónaí.

Irish President Michael D Higgins congratulated Paul O’Donovan and Fintan McCarthy.

Rinne Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins comhghairdeachas le Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy.

He said he was a great hero and that his achievements give courage to young athletes in Ireland.

Dúirt sé gur sárghaisce a bhí ann agus go dtugann a bhfuil baint amach acu, go dtugann sé misneach do lúthchleasaithe óga in Éirinn.

Leave a Reply