20210731_IRISH_an_raig_is_measa_sa_tsin_le_mionna_anuas



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yz8lov9j

The worst outbreak in China in recent months.

An ráig is measa sa tSín le míonna anuas.

Hundreds of thousands of people in China are now under severe lockout, due to the worst Covid 19 outbreak in that country in recent months.

Tá na céadta míle duine sa tSín faoi dhianghlasáil anois, de bharr na ráige is measa Covid 19 sa tír sin le míonna anuas.

Authorities are testing millions of people following an outbreak at an airport in Nanjing city two weeks ago.

Tá na húdaráis ag déanamh tástálacha ar na milliúin duine i ndiaidh ráige in aerfort i gcathair Nanjing coicís ó shin.

The contact tracking of new cases showed that the disease had spread from that outbreak to five other provinces and as far as the Chinese capital, Beijing.

Léirigh an rianú teagmhálaithe a rinneadh ar chásanna nua gur scaip an galar amach ón ráig sin go dtí cúig chúige eile agus chomh fada le príomhchathair na Síne, Béising.

An estimated 206 new cases are associated with that outbreak, and geographically, this is the most widespread outbreak in months.

Tá baint, meastar, ag 206 cás nua leis an ráig sin, agus ó thaobh na tíreolaíochta de, tá an ráig seo ar an ráig is forleithne le míonna.

China ‘s Covid 19 policy is to keep the number of cases as close to zero as possible.

Is é polasaí na Síne ó thaobh Covid 19 de ná líon na gcásanna a choimeád chomh cóngarach do náid agus is féidir.

So, whenever there is an outbreak, intensive locking is widely applied and contact testing and tracking is done in bulk.

Mar sin, aon uair a bhíonn ráig, cuirtear dianghlasáil i bhfeidhm go forleathan agus déantar tástálacha agus rianú teagmhálaithe ar an mórchóir.

The Delta variant spreads more rapidly than severe acute respiratory syndrome (SARS), Ebola and smallpox and as rapidly as prickly heat, according to a report by the National Centers for Disease Prevention in the United States.

Scaipeann an t-athraitheach Deilte níos gasta ná géarshiondróm trom riospráide (SARS), Ebola agus bolgach agus chomh gasta céanna le deilgneach, dar le tuarascáil de chuid an Lárionaid Náisiúnta um Ghalair a Chosc sna Stáit Aontaithe.

The recent rise in outbreaks worldwide, particularly in the Pacific and Asian regions, is due to the delta shift.

Is é an t-athraitheach deilte is cúis leis an ardú tobann atá tagtha ar ráigeanna ar fud an domhain le gairid, go háirithe i réigiúin an Aigéin Chiúin agus na hÁise.

Leave a Reply