20210729_IRISH_naiscoil_ghaeilge_ag_bogadh_mar_gheall_ar_fheachtas_fuatha



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yj5x9oct

Naíscoil Ghaeilge moving because of hate campaign.

Naíscoil Ghaeilge ag bogadh mar gheall ar fheachtas fuatha.

The founders of an Irish-medium nursery school to open in a unionist area of east Belfast have had to find a new site because of an online hate campaign against the school.

B’éigean do bhunaitheoirí naíscoile Gaeilge a bhí le hoscailt i gceantar aontachtach in oirthear Bhéal Feirste suíomh nua a aimsiú mar gheall ar fheachtas fuatha ar líne in aghaidh na scoile.

Naíscoil na Seolta was to be established on the site of Branil’s Primary School in the Castlerea area and was due to open in September.

Bhí Naíscoil na Seolta le bunú ar shuíomh Bhunscoil an Bhrainil i gceantar an Chaisleáin Riabhaigh agus bhí sí le hoscailt i mí Mheán Fómhair.

In a statement, the board of the nursery said that a minor campaign had been launched on social media threatening not to establish the school in that area.

I ráiteas, dúirt bord na naíscoile gur tionscnaíodh mionfheachtas ar na meáin shóisialta ag bagairt orthu gan an scoil a bhunú sa cheantar sin.

In light of the campaign, the board said, the decision was made to move to another location to protect the children.

I bhfianaise an fheachtais, a dúirt an bord, rinneadh an cinneadh bogadh go suíomh eile leis na leanaí a chosaint.

Sixteen children are enrolled in the school to date.

Sé leanbh déag atá cláraithe sa scoil go dtí seo.

The statement also stated that the site of Branil’s Primary School was a temporary center and that it was never intended to find a permanent center for Naíscoil na Seolta elsewhere in east Belfast in the future.

Dúradh sa ráiteas chomh maith gur ionad sealadach a bhí i suíomh Bhunscoil an Bhrainil agus go raibh sé riamh i gceist ionad buan a aimsiú do Naíscoil na Seolta in áit éigin eile in oirthear Bhéal Feirste amach anseo.

A new site has already been found, it was said, and information will be provided in due course.

Tá suíomh úr aimsithe cheana féin, a dúradh, agus tabharfar eolas faoi in am trátha.

A statement from Branil’s Primary School said that it was unfortunate that Naíscoil na Seolta had to move to another location.

I ráiteas ó Bhunscoil an Bhrainil, dúradh gur mór an trua go gcaithfidh Naíscoil na Seolta bogadh go suíomh eile.

It was said that the school welcomes everyone, no matter what their religion or language.

Dúradh go gcuireann lucht na scoile fáilte roimh gach duine, is cuma cén creideamh nó cén teanga atá acu.

The group responsible for the hate campaign has nothing to do with the school, it was said.

Níl aon bhaint ag an dream atá freagrach as an bhfeachtas fuatha leis an scoil, a dúradh.

Leave a Reply