20210723_IRISH_crios_brothallach_i_lar_tire,_beagan_faoisimh_cois_cladaigh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ye4twqdc

Midland brooding zone, slightly coastal relief.

Crios brothallach i lár tíre, beagán faoisimh cois cladaigh.

The orange weather warning issued by Met Éireann yesterday for places in six midland counties continues to apply.

Tá feidhm i gcónaí leis an bhfógra flannbhuí aimsire a d’eisigh Met Éireann arú inné d’áiteanna i sé chontae i lár tíre.

These are Cavan, Monaghan, south Leitrim, Roscommon, Longford and Westmeath.

Sin iad an Cabhán, Muineachán, deisceart Liatroma, Ros Comáin, an Longfort agus an Iarmhí.

Meteorologists say the temperature could be as high as 30 degrees again today and will not fall below 20 degrees overnight in those areas.

Deir na meitéareolaithe go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 30 céim arís inniu agus nach dtitfidh sé faoi bhun 20 céim i gcaitheamh na hoíche sna ceantair sin.

The weather warning will apply until 9 a.m. Saturday morning.

Beidh feidhm leis an bhfógra aimsire go dtí 9 a chlog maidin Dé Sathairn.

The yellow weather warning also always applies to the rest of the country, as it will be very hot again today and melancholy tonight.

Tá feidhm i gcónaí freisin leis an bhfógra buí aimsire don chuid eile den tír, mar a mbeidh sé an-te arís inniu agus meirbh meathánta anocht.

It will be cloudy in places today, and it will be cooler along the coast in the south and east due to the breeze.

Beidh sé néaltach rosamhach in áiteanna inniu, agus beidh sé níos fionnuaire cois cósta sa deisceart agus san oirthear de bharr an fheothain.

The overall temperature will be between 26 and 29 degrees.

Idir 26 agus 29 céim is airde a bheas an teocht trí chéile.

The highest temperature in Ireland so far this year was recorded at Redcastle in Co Tyrone yesterday, where it was as warm as 31.3 degrees for some time.

Taifeadadh an teocht ab airde in Éirinn go dtí seo i mbliana i gCaisleán na Deirge i gCo Thír Eoghain inné, mar a raibh sé chomh te le 31.3 céim ar feadh scaithimh.

Leave a Reply