20210331_IRISH_cead_ag_daoine_taisteal_laistigh_da_gcontae_fein_on_12_aibrean



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yhm57asr

People are allowed to travel within their own county from 12 April.

Cead ag daoine taisteal laistigh dá gcontae féin ón 12 Aibreán.

Taoiseach Micheál Mártin announced in the evening that people will be allowed to travel anywhere they want within the county in which they live from 12 April.

D’fhógair an Taoiseach Micheál Mártin tráthnóna go mbeidh cead ag daoine taisteal aon áit is mian leo taobh istigh den chontae a bhfuil siad ina gcónaí ann ón 12 Aibreán.

It was also announced that builders will be allowed to start building houses again from that day.

Fógraíodh freisin go mbeidh cead ag lucht tógála tús a chur le tithe a thógáil arís ón lá sin amach.

It is estimated that there are approximately 14,000 construction workers involved.

Áirítear thart ar 14,000 oibrí tógála a bheith i gceist.

People from two families will be allowed to get together outside.

Beidh cead ag daoine ó dhá theaghlach teacht le chéile taobh amuigh.

Two weeks later, on April 26, the number of people allowed to attend a funeral will increase from ten to 25.

Coicís ina dhiaidh sin, ar an 26 Aibreán, méadófar an líon daoine a bhfuil cead acu freastal ar shochraid ó dheichniúr go dtí 25.

From that day, tennis and golfers will also be allowed to play again and children will be able to train in their local clubs.

Beidh cead ón lá sin chomh maith ag lucht leadóige agus gailf dul i mbun imeartha arís agus beidh páistí in ann dul ag traenáil ina gcumainn áitiúla.

People who have received both doses of the Covid-19 vaccine may also come together indoors from that day.

Féadfaidh daoine a bhfuil an dá dháileog den vacsaín in aghaidh covid 19 faighte acu teacht le chéile taobh istigh ón lá sin freisin.

Other Covid-19 restrictions will be reviewed before May 4th.

Déanfar athbhreithniú ar shrianta eile covid 19 roimh an 4 Bealtaine.

It is hoped that shops and personal service centers, such as barbers, will be allowed to reopen gradually from then on.

Táthar ag súil go gceadófar do shiopaí agus ionaid seirbhísí pearsanta, fearacht bearbóirí, oscailt arís de réir a chéile ón tráth sin.

Other construction sites will also be opened.

Osclófar láithreacha eile tógála freisin.

It was also announced in the evening that the National Vaccination Program is to be amended when the Covid-19 vaccine is received by all over 70 years of age in the State and by other vulnerable people.

Tugadh le fios tráthnóna freisin go bhfuil an Clár Náisiúnta Vacsaínithe le leasú nuair a bheas an vacsaín in aghaidh covid 19 faighte ag gach duine os cionn 70 bliain sa Stát agus ag daoine leochaileacha eile.

From now on, people will be given the vaccine according to age.

Is de réir aoise a thabharfar an vacsaín do dhaoine as sin amach.

This change has been criticized by the Irish National Teachers’ Association, which says that teachers should be among the priority groups.

Tá an t-athrú seo cáinte ag Cumann Múinteoirí Éireann a deir gur cheart go mbeadh múinteoirí i measc na ndreamanna a dtugtar tús áite dóibh.

Leave a Reply