20210326_IRISH_coraintin_eigeantach_ostain_a_chur_i_bhfeidhm



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yfhk7tj9

Mandatory hotel quarantine implemented.

Coraintín éigeantach óstáin á chur i bhfeidhm.

The mandatory hotel quarantine system is being implemented in the state from today.

Tá an córas coraintín éigeantach óstáin á chur i bhfeidhm sa stát ón lá inniu amach.

It applies to people arriving from 33 countries who are considered to be at high risk of the spread of the coronavirus.

Baineann sé le daoine a thagann isteach ó 33 tír a n-áirítear contúirt mhór a bheith ag baint leo ó thaobh scaipeadh an choróinvíris.

People will stay in hotels at their own expense Travelers must stay between 10- 12 nights in hotels selected by the Department of Health.

Fanfaidh na daoine sna hóstáin ar a gcostas féin Caithfidh an lucht taistil idir 10-12 oíche a chur fúthu in óstáin atá roghnaithe ag an Roinn Sláinte.

The cost of a hotel must be borne by the passengers themselves.

Is iad na paisinéirí féin a chaithfidh an costas óstáin a sheasamh.

People who do not have proof of a negative result on a PCR test will also be required to complete a quarantine period in hotels.

Beidh ar dhaoine freisin nach bhfuil cruthúnas de thoradh diúltach acu ar thástáil PCR, tréimhse coraintín a chur dhíobh sna hóstáin.

Leave a Reply