20210326_IRISH_raiteas_cuimsitheach,_sothuigthe_an_tseachtain_seo_chugainn



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yzk5ba9b

“Comprehensive, easy – to – understand statement next week”.

“Ráiteas cuimsitheach, sothuigthe an tseachtain seo chugainn”.

Taoiseach Micheál Martin said that the Government will make a comprehensive and comprehensible statement next week on the Covid-19 restrictions.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go ndéanfaidh an Rialtas ráiteas cuimsitheach agus sothuigthe an tseachtain seo chugainn maidir le srianta covid 19.

Speaking at the meeting of the Fianna Fáil parliamentary party last night, the Taoiseach was asked about the Government ‘s intentions after 5 April.

Ag labhairt a bhí an Taoiseach ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil aréir, áit ar ceistíodh é faoina bhfuil ar intinn ag an Rialtas tar éis an 5 Aibreán.

Some TDs and Senators have suggested that a medium – term plan should be drawn up as soon as people over the age of 70 and others who are in favor of Covid – 19 receive the vaccine.

Thug roinnt Teachtaí Dála agus Seanadóirí le fios gur chóir plean meántéarmach a leagan amach chomh luath agus a bheas an vacsaín faighte ag daoine os cionn 70 bliain agus daoine eile atá tograch do covid 19.

Some sought to ease the five-kilometer travel limit.

D’iarr cuid acu an teorainn taistil cúig chiliméadar a mhaolú.

They think the limit should be extended to ten kilometers, or indeed twenty kilometers.

Dar leo gur chóir an teorainn a shíneadh go dtí deich gciliméadar, nó fiú fiche ciliméadar go deimhin.

Mayo Senator Lisa Chambers said the current travel limit is “absurd.”

Dúirt Seanadóir Mhaigh Eo Lisa Chambers go bhfuil an teorainn taistil atá ann faoi láthair “áiféiseach.”

The Taoiseach stated that matters were “fragile” and that no decision had yet been taken to relax Level 5 restrictions.

Mhaígh an Taoiseach go bhfuil cúrsaí “leochaileach” agus nach raibh aon chinneadh déanta fós faoi shrianta Leibhéal 5 a mhaolú.

He urged people not to resort to speculation.

D’achainigh sé ar dhaoine gan dul i muinín na tuairimíochta.

Leave a Reply