20210321_IRISH_gaelscolaiocht_ag_an_meanleibheal_aris_i_gcontae_lu



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yj4hbleu

Irish-medium education at secondary level again in County Louth.

Gaelscolaíocht ag an meánleibhéal arís i gContae Lú.

Irish – medium education at secondary level will be made available again in County Louth from September 2021.

Cuirfear gaelscolaíocht ag an meánleibhéal ar fáil arís i gContae Lú ó Mheán Fómhair 2021.

A satellite of Gaelcholáiste Glór na Mara, located in County Dublin, will be set up in Dundalk.

Cuirfear satailít de Ghaelcholáiste Ghlór na Mara, atá suite i gContae Átha Cliath, ar bun i nDún Dealgan.

Gaelcholáiste Lú operated within the English medium secondary school, Coláiste Chú Chulainn, in Dundalk.

Bhí Gaelcholáiste Lú ag feidhmiú taobh istigh den mheánscoil Bhéarla, Coláiste Chú Chulainn, i nDún Dealgan.

But since 2019, parents have been protesting because, in their opinion, their children were not receiving Irish-medium education there.

Ach ó 2019, bhí tuismitheoirí i mbun agóidíochta mar, dar leo féin, ní raibh a leanaí ag fáil gaeloideachais ansin.

‘The students were completely mixed in with the English medium secondary school and operating through the medium of that language,’ they said.

‘Bhí na daltaí measctha isteach go hiomlán leis an meánscoil Bhéarla agus ag feidhmiú trí mheán na teanga sin’, a dúirt siad.

Gaelcholáiste Lú came to an end and since then, Irish-medium education has been at an intermediate level in Dundalk.

Tháinig deireadh le Gaelcholáiste Lú agus ó shin i leith, bhí gaeloideachas ag an meánleibhéal idir dhá cheann na meá i nDún Dealgan.

But this week, Education Minister Norma Foley announced that a settlement had been reached; that a satellite of Gaelcholáiste Glór na Mara, based in Balbriggan, Dundalk, be established.

Ach an tseachtain seo, d’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley go raibh socrú bainte amach; go mbunófaí satailít de Ghaelcholáiste Ghlór na Mara, atá lonnaithe i mBaile Brigín i nDún Dealgan.

It is to be located, temporarily, in a community center on the town.

Tá sé le lonnú, go sealadach, in ionad pobail ar an mbaile.

Gaelcholáiste Glór na Mara is under the patronage of An Foras Pátrúnachta.

Tá Gaelcholáiste Ghlór na Mara faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta.

‘In practice, what is happening,’ said the Foundation ‘s Secretary General, Caoimhín Ó hEaghra,’ is that staff will be based up in Dundalk.

‘Go praiticiúil, séard a bheas ag tarlú’, a dúirt Ard- Rúnaí an Fhorais, Caoimhín Ó hEaghra, ‘ná go mbeidh baill foirne lonnaithe thuas i nDún Dealgan.

The Dundalk campus will draw on and utilize the resources and structure of Gaelcholáiste Glór na Mara in Balbriggan.

Beidh an campas i nDún Dealgan ag tarraingt air agus ag úsáid na n-achmhainní agus an strúchtúir atá ag Gaelcholáiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín.

The satellite will be managed by Glór na Mara. ‘ This is a pilot model, designed by An Foras Pátrúnachta.

Beidh an satailít á bainistiú ó Ghlór na Mara.’ Is múnla píoltach é seo, atá deartha ag an bhForas Pátrúnachta.

The Department of Education says the model could be extended, if successful.

Deir an Roinn Oideachais go bhféadfaí an múnla a leathnú amach, má bhíonn rath air.

As things stand at present, there are no Irish – medium colleges in nine counties in this state.

Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, níl gaelcholáiste ar bith i naoi gcontae sa stát seo.

Parents in Dundalk are delighted.

Tá gliondar ar thuismitheoirí i nDún Dealgan.

‘The Department has made the right decision,’ said one parent, Caitríona Connor.

‘Tá an cinneadh ceart déanta ag an Roinn’, a dúirt tuismitheoir amháin, Caitríona Connor.

‘As a parent, I am delighted that the two I still have in the local Irish – medium school will have the option of continuing their education through Irish in their own county, rather than taking a bus to County Dublin every morning’.

‘Mar thuismitheoir, tá an-áthas orm go mbeidh sé de rogha ag an mbeirt atá agam fós sa ngaelscoil áitiúíl leanacht lena gcuid oideachais trí Ghaeilge ina gcontae féin, seachas dul ar bhus go Chontae Átha Cliath chuile mhaidin’.

A public meeting will be held to share all the information with parents this Thursday on zoom, the link available on the Foras Pátrúnachta website.

Beidh cruinniú poiblí ar siúl chun an t-eolas ar fad a roinnt le tuismitheoirí Déardaoin beag seo ar zoom, an nasc ar fáil ar shuíomh idirlín an Fhorais Phátrúnachta.

Leave a Reply