20210320_IRISH_ardu_mor_ar_lion_deilfeanna_agus_miolta_mora_marbha



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ygaadpgq

Large increase in dolphins and dead whales.

Ardú mór ar líon deilfeanna agus míolta móra marbha.

Video Journalist The number of dolphins and whales landed on the Irish coast has increased dramatically.

Iriseoir Fise Tá méadú mór tagtha ar líon na ndeilfeanna agus míolta móra ata á chaitheamh i dtír ar chósta na hÉireann.

In the first two months of this year, 93 dead whales and dolphins were registered, the highest number since recordings began in 1991.

Sa chéad dá mhí den mbliain seo, cláraíodh 93 míol mór agus deilf marbh, an líon is mó ó cuireadh tús le taifeadtaí i 1991.

The Irish Whale and Dolphin Group believes that the increase is related to large boats fishing off the coast of Ireland.

Creideann an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna go bhfuil baint ag an méadú le báid mhóra atá ag iascach amach ó chósta na hÉireann.

Pádraic de Baldraithe from the Group says that many of these dead animals show signs of death in nets.

Deir Pádraic de Bhaldraithe ón nGrúpa go bhfuil comharthaí sóirt le haithint ar chuid mhaith des na hainmhithe marbha seo a thugann le fios gur bhásaigh siad i líonta.

He says that large trawlers are dealing with blue whiting off the coast of Ireland and that some of the dead landing animals have fins and broken crescents.

Deir sé go bhfuil tráléirí móra ag plé leis an bhfaoitín gorm amach ó chósta na hÉireann agus go bhfuil eití gearrtha agus an corráin bhriste ar chuid des na hainmhithe marbha atá ag teacht í dtír.

Kerry and Cork have the most reports of dead whales and dolphins.

I gCiarraí agus i gCorcaigh is mó atá tuairiscí ar mhíolta móra agus deilfeanna marbha.

On one beach in Corca Dhuibhne, four dolphins and a whale are dead.

Ar thrá amháin i gCorca Dhuibhne, tá cheithre cinn de dheilfeanna agus míol mór marbh.

A cord is attached to the tail of the whale and the palm of the cut tail.

Tá téadán ceangailte d’eireaball an mhíl mhóir agus bos an eireabaill gearrtha.

Patrick Murphy of the South West Fish Producers Association says Irish fishermen should only be blamed for the large international fleet of blue whiting and mackerel far out in the Atlantic.

Deir Patrick Murphy ó Chumann Táirgeoirí Éisc an Iardheiscirt nár chóir milleán a chur ar iascairí na hÉireann ach ar an bhflít mhór idirnáisiúnta atá ag plé leis an bhfaoitín gorm agus leis an maicreál i bhfad amach san Atlantaigh.

He also claims that most dolphins and whales die from natural causes.

Maíonn sé chomh maith go bhfaigheann formhór na ndeilfeanna agus míolta móra bás de bharr cúiseanna nádúrtha.

Marine biologist Simon Berrow says more research is urgently needed and that better international co-operation is needed to tackle the problem.

Deir an bitheolaí mara Simon Berrow go bhfuil géarghá le breis taighde agus go bhfuil comhoibriú idirnáisiúnta níos fearr ag teastáil chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

He says fisheries policies are at odds with conservation efforts and that large-scale fishing boats need more monitoring.

Deir sé go bhfuil polasaithe iascaigh ag teacht salach ar iarrachtaí caomhnaithe agus go bhfuil gá le breis monatóireachta ar bháid mhóra iascaigh.

Leave a Reply