20210303_IRISH_buille_millteanach_-_imeacht_bhanc_na_hÉireann_as_gaoth_dobhair



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y7bktcgl

“Terrible blow” – Bank of Ireland ‘s departure from Gaoth Dobhair.

“Buille millteanach” – imeacht Bhanc na hÉireann as Gaoth Dobhair.

The North West Reporter Local representatives in Gaoth Dobhair say that the decision to close the Bunbeg branch of Bank of Ireland is a devastating blow to that parish, to the nearby parish of Rosann and as far south as the Glens.

Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Deir ionadaithe aitiúla i nGaoth Dobhair gur buille millteanach don pharóiste sin, do pharóiste na Rosann in aice láimhe agus chomh fada ó dheas leis na Gleanntaí atá sa chinneadh brainse An Bhun Bhig de Bhanc na hÉireann a dhúnadh.

The local Chamber of Commerce says that they understand that the old banking model has changed radically but that it is not a good image for the area that 3 bank buildings are to be vacant and that they hope to grow the business at the local post office and credit union. .

Deir an Cumann Tráchtála áitiúil go dtuigeann siad go bhfuil an seanmhúnla baincéireachta athraithe ó bhonn ach nach íomhá mhaith atá ann don cheantar go bhfuil 3 fhoirgneamh bainc le bheith folamh agus go bhfuil súil acu go méadófar ar an ghnó san oifig poist agus sa chomhar creidmheasa áitiúil.

Local auctioneer and member of the Chamber of Commerce, Éamon Mac Giolla Bhríde, says it is a great blow that most of the communication and finance is now done online.

Deir an ceantálaí áitiúil agus ball den Chumann Tráchtála, Éamon Mac Giolla Bhríde, gur buille mór atá ann go bhfuil an chuid is mó den chumarsáid agus den airgeadas déanta arlíne anois.

“This is the last bank in the parish.

“Seo an banc deireannach sa pharóiste.

There were 3 bank buildings within 100m of each other at one time, and they have been in strong business for 100 years.

Bhí 3 fhoirgneamh bainc taobh istigh den 100m óna chéile tráth den tsaol, agus gnó láidir ar bun acu le 100 bliain.

Now those buildings will be empty and if they are not sold, it will not be a very good image for the parish.

Anois beidh na foirgintí sin folamh agus muna ndíolfar iad, ní íomhá ro-mhaith a bheidh ann don pharóiste.

We are delighted that the post office in Derrybeg and the credit union will have more business but it is unfortunate that there will not be at least one bank in the parish, “said Mac Giolla Bhríde.

Tá lúcháir orainn go mbeidh gnó níos mó ag an oifig poist i nDoirí Beaga agus ag an chomhar creidmheasa ach is mór an trua nach mbeidh ar a laghad banc amháin sa pharóiste,” a dúirt Mac Giolla Bhríde.

Local County Councilor Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig says that “… these are remote areas that have been left behind by Dublin and the county ‘s TDs for many years.”

Deir an Comhairleoir Condae áitiúil, Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig gur “…seo ceantracha atá iargúlta agus atá fágtha ina ndiaidh ag Baile Átha Cliath agus ag Teachtaí Dála na condae leis na blianta fada.”

Councilor Bishop says that another bank has been lost in the area – “To the right and left were other banks, some distance back the main road where we lost the Post Office and they continue to cut and cut.

Deir an Comhairleoir Mac Giolla Easbuig go bhfuil banc eile caillte sa cheantar – “Ar dheis agus ar chlé bhí bainc eile, píosa siar an bealach mór san áit ar chaill muid Oifig an Phoist agus coinníonn siad ag gearradh agus ag gearradh.

It will not be long before there is no one left in the three parishes with the pressure that the Government is putting on us to remove services, “said Bishop.

Ní bheidh sé i bhfad anois nach mbeidh aon duine fágtha sna trí paróistí leis an bhrú atá an Rialtas ag cur orainn ag baint ar shiúl seirbhísí,” a dúirt Mac Giolla Easbuig.

Sinn Féin is organizing an online meeting from next Monday at 7pm to get the views of the public.

Tá Sinn Féin ag eagrú cruinnithe ar líne ón Luan seo chugainn ar a 7 a chlog le tuairimí an phobail a fháil.

The party says the bank should not be closing branches in the middle of a pandemic when businesses and customers are under enormous pressure, and since the same bank has received € 4.7 billion in exchequer assistance.

Deir an páirtí nár chóir don bhanc a bheith ag dúnadh brainsí i lár paindéime nuair atá gnólachtaí agus custaiméirí faoi bhrú ollmhór, agus ó tharla go bhfuair an banc céanna cúnamh €4.7 billiún ón státchiste.

Last September, Dublin-based company Veseda announced a € 15m investment in two hotels in Gaoth Dobhair – one of which is the Seaview Hotel which is 50m from the Bank of Ireland branch of to close next Autumn.

I Meán Fómhair seo caite, dfhógair an comhlacht Veseda as Baile Átha Cliath go bhfuil siad siad le hinfheistíocht €15m a dhéanamh i dhá óstán i nGaoth Dobhair – ceann amháin acu sin Óstán Radharc na Mara atá 50m ón bhrainse de Bhanc na hÉireann atá le dúnadh san Fhómhar seo chugainn.

Leave a Reply