20210226_IRISH_leithsceal_gafa_ag_fss_faoi_bhas_mna_agus_i_ag_breith_linbh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ycup2pnv

HSE apologizes for woman’s death in childbirth.

Leithscéal gafa ag FSS faoi bhás mná agus í ag breith linbh.

The Health Service Executive has apologized to the family of a 36-year-old woman who died giving birth almost five years ago.

Tá leithscéal gafa ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le teaghlach mná 36 bliain daois a bhásaigh agus í ag breith linbh beagnach cúig bliana ó shin.

Tracey Campbell Fitzpatrick passed away at St. Luke’s Hospital, Kilkenny on Easter Monday, March 28, 2016.

Cailleadh Tracey Campbell Fitzpatrick in Ospidéal Naomh Lúcás i gCill Chainnigh Luan Cásca, 28 Márta 2016.

She was originally from Knock in Co Mayo but lived in Co Carlow.

Bas Cnoc Mhuire i gCo Mhaigh Eo ó dhúchas í ach bhí sí ina cónaí i gCo Cheatharlach.

The High Court was told today that Tracey Campbell Fitzpatrick died of massive bloodshed while giving birth early in the morning.

Dúradh san Ard-Chúirt inniu gur bhásaigh Tracey Campbell Fitzpatrick de bharr olldoirteadh fola agus an leanbh á thabhairt ar an saol aici go moch ar maidin.

A consultant obstetrician, Dr David McMurray, was said to have been called but shortly after arriving at the hospital the woman suffered a heart attack.

Dúradh gur cuireadh fios ar chnáimhseoir comhairleach, an Dr David McMurray, ach go gairid tar éis dó an t-ospidéal a shroicheadh gur bhain taom croí don bhean.

An attempt was made to revive her but she died three hours after giving birth to the young boy, Max.

Rinneadh iarracht í a athbheochan ach déag sí trí huaire an chloig tar éis di an buachaill óg, Max, a bhreith.

Max was her second child.

Ba é Max a dara páiste.

A coroner’s committee ruled in 2017 that Tracey Campbell Fitzpatrick died in natural circumstances and that her death was caused by embolism.

Rialaigh coiste cróinéara in 2017 gur i gcúinsí nádúrtha a cailleadh Tracey Campbell Fitzpatrick agus gur eambólacht ba thrúig bháis di.

However, her family did not accept that ruling and sued the Health Service Executive.

Níor ghlac a teaghlach leis an rialú sin, áfach, agus chuir siad an dlí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

The family’s lawyers ruled in the High Court today that a medical expert said the embolism was not the cause of death.

Thug dlíodóirí an teaghlaigh le fios san Ard-Chúirt inniu go ndúirt saineolaí leighis nárbh í an eambólacht ba thrúig bháis.

They claimed that the woman’s life could be saved if she was treated appropriately in time.

Mhaígh siad go bhféadfaí beatha na mná a shábháil dá gcuirfí an chóireáil chuí uirthi in am.

The Health Service Executive and St. Luke’s Hospital apologized without hesitation to their family.

Ghabh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Ospidéal Naomh Lúcás a leithscéal gan agús lena teaghlach.

Judge Kevin Cross approved a € 700,000 settlement for Max, as well as a further € 35,000 to be shared between Max and his brother.

Cheadaigh an Breitheamh Kevin Cross socrú €700,000 i gcomhair Max, chomh maith le suim eile €35,000 atá le roinnt idir Max agus a dheartháir.

Leave a Reply