20210225_IRISH_cead_inscribhinn_i_ngaeilge_amhain_a_chur_ar_leac_uaighe_mna



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y7tk2l7u

Permission to place an inscription in Irish only on a woman’s gravestone.

Cead inscríbhinn i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe mná.

Multimedia Journalist The highest court in the Church of England has decided to allow Margaret Keane ‘s family to place an inscription in Irish only on her gravestone.

Iriseoir Ilmheán Tá cinneadh déanta ag an chúirt is airde in Eaglais Shasana cead a thabhairt do theaghlach Margaret Keane inscríbhinn i nGaeilge amháin a chur ar leac a huaighe.

It was decided to allow the family to engrave “In our hearts forever” on the woman ‘s slab in the cemetery of St Giles’ Church in Exhall near Coventry without any English translation.

Cinneadh cead a thabhairt don teaghlach “In ár gcroíthe go deo” a ghreanadh ar leac na mná i reilig Shéipéal Naomh Giles in Exhall in aice le Coventry gan aon aistriúchán Béarla a bheith leis.

Margaret Keane, a native of Co Meath, passed away in England in 2018.

Cailleadh Margaret Keane, as Co na Mí ó dhúchas, i Sasana in 2018.

She was well known in the Gaelic Athletic Association and in the Irish community as a whole.

Bhí aithne mhór uirthi i gCumann Lúthchleas Gael agus i measc an phobail Éireannaigh trí chéile thall.

The family had appealed against a judge’s ruling in a lower ecclesiastical court last year that an English version of the inscription must also be placed on the slab for fear that people might think the Irish language was a political slogan.

Bhí achomharc déanta ag an teaghlach in aghaidh rialú breithimh i gcúirt eaglasta níos ísle anuraidh go gcaithfí leagan Béarla den inscríbhinn a chur ar an leac chomh maith ar eagla go gceapfadh daoine gur mana polaitiúil a bhí sa Ghaeilge.

The family’s attorney claimed that the ruling was discriminatory and that there were inscriptions in Welsh, Latin and Hebrew on other gravestones in the same cemetery with no translations.

Mhaígh aturnae an teaghlaigh go raibh an rialú sin leithchealach agus go raibh inscríbhinní i mBreatnais, i Laidin agus in Eabhrais ar leaca uaighe eile sa reilig chéanna gan aon aistriúcháin lena dtaobh.

At the appeal in the historic St Mary-le-Bow church in Cheapside in London city center today, the ecclesiastical court accepted those arguments and the three judges ordered that a translation be provided to the registrar in the local parish.

Ag an achomharc i séipéal stairiúil St Mary-le-Bow in Cheapside i lár chathair Londan inniu, ghlac an chúirt eaglasta leis na hargóintí sin agus dordaigh an triúr breitheamh go gcuirfí aistriúchán ar fáil don chláraitheoir sa pharóiste áitiúil.

They will publish their full judgment in the future.

Foilseoidh siad a mbreithiúnas iomlán amach anseo.

Margaret Keane ‘s family brought the case with the help of the London branch of.

Thug clann Margaret Keane an cás le cúnamh ó Chraobh Londan de Chonradh na Gaeilge.

The family was also supported by the Archbishop of Canterbury, the most senior member of the Church of England, and promised to pay their expenses.

Thacaigh Ardeaspag Canterbury, an té is sinsearaí in Eaglais Shasana, leis an teaghlach chomh maith agus gheall sé a gcuid costas a íoc.

Ecclesiastical courts are independent of the Church itself in England.

Tá cúirteanna eaglasta neamhspleách ar an Eaglais féin i Sasana.

Leave a Reply