20210224_IRISH_boithre_dunta_d’aithle_thuairt_bhaisti



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yafvt32q

Road closures for rainfall.

Bóithre dúnta daithle thuairt bháistí.

Several roads in Co Cork are flooded this morning after heavy rain fell in the region overnight.

Tá roinnt bóithre i gCo Chorcaí faoi uisce ar maidin tar éis na fearthainne troime a thit sa réigiún i gcaitheamh na hoíche.

More rain is on the way and Met Éireann estimates it will be as deep as 80 millimeters in places.

Tá tuilleadh báistí ar an mbealach agus measann Met Éireann go mbeidh sí chomh domhain le 80 milliméadar in áiteanna.

Wind speeds will also be up to 100 kilometers per hour.

Beidh luas suas le 100 ciliméadar san uair faoin ngaoth chomh maith.

A weather alert with orange status has been issued for four counties in Munster – Kerry, Cork, Waterford and Tipperary.

Tá fógra aimsire a bhfuil stádas flannbhuí leis eisithe do cheithre chontae i gCúige Mumhan – Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Tiobraid Árann.

The announcement will last until 9 o’clock tonight.

Mairfidh an fógra go dtí 9 a chlog anocht.

A weather warning with a yellow status lasting until 6pm has been issued for the whole country.

Tá fógra aimsire a bhfuil stádas buí leis a mhairfeas go dtí 6 a chlog tráthnóna eisithe don tír ar fad.

Water barriers have been erected along the Blackwater at Mallow and Fermoy in Co Cork, and the County Council has installed pumps to Bantry, Dunmanway, Skibbereen, Bandon and Clonakilty.

Tá bacainní uisce curtha suas ar feadh na Dubhabhann i Mala agus i Mainistir Fhear Maí i gCo Chorcaí, agus tá caidéil curtha ag an gComhairle Contae chuig Beanntraí, Dún Mánmhaí, an Sciobairín, Droichead na Bandan agus Cloich na Coillte.

Cork City Council says the Lee is likely to spill over its banks at various times today.

Deir Comhairle Cathrach Chorcaí gur cosúil go sceithfidh an Laoi thar a bruacha ag tráthanna éagsúla inniu.

They say the Defense Forces are in control and are providing sandbags to the public.

Deir siad go bhfuil Óglaigh na hÉireann faoina réir agus go bhfuil málaí gainimh á gcur ar fáil acu don phobal.

In Co Kerry, only one of the lanes of the N72 road at Fossa between Killarney and Killorglin is open due to flooding there.

I gCo Chiarraí, níl ach ceann de lánaí bhóthar an N72 oscailte ag an bhFosadh idir Cill Airne agus Cill Orglain de bharr tuilte ansin.

Kerry County Council is helping people in areas that have already been severely affected by flooding.

Tá Comhairle Contae Chiarraí ag cabhrú le daoine i gceantair a bhí buailte go dona ag tuilte cheana.

In Dublin, Wellwood Road in Tallaght is closed after trees fell on both sides of the route.

I mBaile Átha Cliath, tá Bóthar Choill Tobair i dTamhlacht dúnta tar éis do chrainn titim ar dhá thaobh an bhealaigh.

Leave a Reply