20210223_IRISH_priosun_14_bliain_gearrtha_ar_fhear_faoina_mhathair_a_mharu



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ybvkryag

A man has been sentenced to 14 years in prison for killing his mother.

Príosún 14 bliain gearrtha ar fhear faoina mháthair a mharú.

A 29-year-old man has been sentenced to fourteen years in prison for killing his mother after she took his drugs from him and burned them.

Gearradh téarma príosúin ceithre bliana déag ar fhear 29 bliain daois faoina mháthair a mharú tar éis di a chuid drugaí a thógáil uaidh agus iad a dhó.

Celyn Eadon was nineteen years old when he stabbed his mother Noreen Kelly, 46, in their residence in Derrycrew, Clothes Island, Co Mayo, on March 9, 2011.

Bhí Celyn Eadon naoi mbliana déag daois nuair a sháigh sé a mháthair Noreen Kelly, 46 bliain, ina dteach cónaithe i nDoire Craobh, Oileán Éadaí, Co Mhaigh Eo, ar an 9 Márta 2011.

He stabbed her nineteen times.

Naoi n-uaire dhéag a sháigh sé í.

He pleaded guilty last year to manslaughter of his mother after the Supreme Court previously convicted him of murder.

Phléadáil sé ciontach anuraidh i ndúnorgain a mháthar tar éis don Chúirt Uachtarach a chiontú ina dúnmharú a chur ar ceal roimhe sin.

The Supreme Court ruled that the conviction was defective.

Rialaigh an Chúirt Uachtarach go raibh an ciontú fabhtach.

Judge Michael White told the court today that there was always a danger that Celyn Eadon would commit violence against people and that in a structured way he would have to be released when the time came.

Dúírt an Breitheamh Michael White sa chúirt inniu go raibh an baol ann i gcónaí go n-imreodh Celyn Eadon foréigean ar dhaoine agus gur ar bhealach struchtúrtha a chaithfí é a scaoileadh saor nuair a thiocfas an t-am.

The judge also said he would have to be supervised by the authorities when he is back in the community.

Dúirt an breitheamh freisin go gcaithfeadh na húdaráis maoirseacht a dhéanamh air nuair a bheas sé i measc an phobail arís.

Celyn Eadon has attacked prison officers eight times since his detention.

Dionsaigh Celyn Eadon oifigigh phríosúin ocht n-uaire ó cuireadh i gcoinneáil é.

He asked Judge White when he would be released but the judge told him it was up to the prison service to decide on a date.

Diarr sé ar an mBreitheamh White cén uair a scaoilfí saor é ach dúirt an breitheamh leis gur faoin tseirbhís phríosúin a bhí sé cinneadh ar dháta.

Celyn Eadon had been drinking and taking drugs since he was thirteen – including amphetamines and cocaine.

Bhí Celyn Eadon ag ól agus ag tógáil drugaí ó bhí sé trí bliana déag – amfataimíní agus cócaon ina measc.

Leave a Reply