20210223_IRISH_suil_go_mbeidh_deireadh_le_srianta_i_sasana_faoin_21_meitheamh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y9x8g9jn

Restrictions in England are expected to end by June 21.

Súil go mbeidh deireadh le srianta i Sasana faoin 21 Meitheamh.

British Prime Minister Boris Johnson has announced that the Covid-19 restrictions in England could be lifted by June 21 according to a plan he published today.

Dfhógair Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go bhféadfaí deireadh a chur le srianta covid 19 i Sasana faoin 21 Meitheamh de réir plean a dfhoilsigh sé inniu.

The plan has four phases to be phased in over the next four months.

Tá ceithre chéim sa phlean atá le cur i bhfeidhm diaidh ar ndiaidh as seo go ceann ceithre mhí.

Initially, students in England will return to school from 8 March and people will also be allowed to meet one other person in public places from that day.

I dtosach báire, rachaidh daltaí i Sasana ar ais ar scoil ón 8 Márta agus beidh cead ag daoine bualadh le duine amháin eile in áiteanna poiblí ón lá sin freisin.

On March 29, up to six, or two families, will be allowed to gather in public parks.

Ar an 29 Márta, beidh cead ag suas le seisear, nó dhá theaghlach, teacht le chéile i bpáirceanna poiblí.

From April 12, at the earliest, various shops, hairdressing salons, beauty salons, libraries and pub gardens will open.

Ón 12 Aibreán, ar a thúisce, osclófar siopaí éagsúla, ionaid ghruagaireachta, sciamhlanna, leabharlanna agus gairdíní i dtithe tábhairne.

From 17 May at the earliest, up to six, or two families, will be allowed to gather indoors and limited attendance at sporting events will be allowed.

Ón 17 Bealtaine, ar a thúisce, beidh cead ag suas le seisear, nó dhá theaghlach, teacht le chéile taobh istigh agus ceadófar tinreamh teoranta ag ócáidí spóirt.

From June 21, at the earliest, and if the other phases of the previous plan succeed, other social constraints will be eased and nightclubs will be allowed to reopen.

Ón 21 Meitheamh, ar a thúisce, agus má bhíonn rath ar na céimeanna eile den phlean roimhe sin, maolófar srianta eile sóisialta agus beidh cead ag leithéidí clubanna oíche oscailt arís.

This plan applies to England only and the devolved governments in Stormont, Scotland and Wales are working on the plans themselves.

Is le Sasana amháin a bhaineann an plean seo agus tá na rialtais chineachta i Stormont, in Albain agus sa Bhreatain Bheag ag obair ar an bpleananna féin.

Leave a Reply