20210220_IRISH_banc_uladh_ag_imeacht_as_poblacht_na_hÉireann



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y6wqe6s4

Ulster Bank departs from the Republic of Ireland.

Banc Uladh ag imeacht as Poblacht na hÉireann.

Ulster Bank has confirmed that it intends to discontinue its business in the State and close its branches for a number of years.

Tá sé deimhnithe ag Banc Uladh go bhfuil siad lena gcuid gnó sa Stát a scor agus a gcuid brainsí a dhúnadh as seo go ceann roinnt blianta.

Ulster Bank is owned by NatWest Bank in Britain.

Is le banc NatWest sa Bhreatain Banc Uladh.

The bank has indicated that its services in the Republic of Ireland will be phased out in an organized and prudent manner.

Thug an banc le fios gur de réir a chéile agus ar bhonn eagraithe agus stuama a chuirfear deireadh lena gcuid seirbhísí i bPoblacht na hÉireann.

Ulster Bank has 1.1 million customers in the Republic and employs 2,800 people in 88 branches across the State.

Tá 1.1 milliún custaiméir ag Banc Uladh sa Phoblacht agus tá 2,800 duine fostaithe acu in 88 brainse ar fud an Stáit.

In a statement, Ulster Bank said it will continue to provide services until the retirement process is completed.

I ráiteas, dúirt Banc Uladh go leanfaidh siad orthu ag cur seirbhísí ar fáil go mbeidh an próiseas scoir curtha i gcrích.

Ulster Bank has agreed to sell a € 4 billion portfolio of commercial loans to AIB bank as part of the process but this arrangement has not yet been formally confirmed.

Tá sé aontaithe ag Banc Uladh portfóilió €4 bhilliún diasachtaí tráchtála a dhíol le banc an AIB mar chuid den phróiseas ach níl an socrú seo deimhnithe go foirmiúil go fóill.

It is also intended to transfer staff working on this portfolio to AIB.

Tá sé i gceist an fhoireann atá ag obair ar an bportfóilió seo a aistriú go AIB freisin.

The statement also indicated that Ulster Bank is in talks to sell a number of other assets to Permanent TSB bank.

Tugadh le fios sa ráiteas chomh maith go bhfuil Banc Uladh i mbun cainteanna faoi roinnt sócmhainní eile a dhíol le banc Permanent TSB.

Ulster Bank chief executive Jane Howard said NatWest ‘s decision to discontinue the bank’ s business in the Republic was disappointing.

Dúirt príomhfheidhmeannach Bhanc Uladh Jane Howard gur údar mór díomá cinneadh NatWest gnó an bhainc sa Phoblacht a scor.

She argued that customers need not have any concerns and that the decision will not affect services for much longer.

Mhaígh sí nach gá do chustaiméirí aon imní a bheith orthu agus nach rachaidh an cinneadh i bhfeidhm ar sheirbhísí go ceann i bhfad eile.

It was announced today that NatWest lost £ 351 million last year compared to its £ 4.2 billion profit in 2019.

Fógraíodh inniu gur chaill NatWest £351 milliún anuraidh i gcomórtas leis an mbrabach £4.2 billiún a rinne siad in 2019.

Leave a Reply